Gach Nuacht

Dhá Scéim Iriseoireachta ar fiú 5 mhilliún Euro iad ar oscailt le haghaidh comhairliúcháin

Foilsithe ar

04,04,2024

Tacóidh Scéimeanna um Dhaonlathas Áitiúil agus Tuairisciú Cúirte le hearnáil na meán agus le hiriseoireacht ardchaighdeáin araon i ngach contae in Éirinn

Tá Coimisiún na Meán ag lorg tuairimí an phobail faoi dhá scéim nua iriseoireachta a bhfuil sé mar aidhm acu clúdach na n-údarás áitiúil agus éisteachtaí cúirte dúiche a fhorlíonadh agus a mhéadú. Tá na scéimeanna á mbunú lena chinntiú go mbeidh teacht ag gach duine ar nuacht ina gceantair féin agus go mbeidh an nuacht a fhaigheann siad iontaofa agus cruinn. 

Tá na Scéimeanna bunaithe ar mholtaí ó Thuarascáil Choimisiún Thodhchaí na Meán agus tá siad á mbunú ar bhonn riaracháin a bhuí le maoiniú atá daingnithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD.

Beidh na Scéimeanna nua iriseoireachta oscailte d’iarratais ó iriseoirí, ó eagraíochtaí meán, lena n-áirítear ardáin chraolta, chlóite agus ar líne, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon Cinnteoidh Coimisiún na Meán go mbeidh gach ábhar a mhaoinítear faoi na Scéimeanna ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar thairseach ar líne, áit a ndéanfar an t-ábhar a chartlannú freisin. 

Ag trácht dó ar sheoladh an chomhairliúcháin ar na Scéimeanna atá beartaithe, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Cinnteoidh an €5 mhilliún atá ar fáil faoi na Scéimeanna seo gur féidir leis na meáin áitiúla leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh a róil ríthábhachtaigh i dtuairisciú ar ábhair a bhaineann le leas an phobail agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa, ar ardchaighdeán a fheabhsú. Neartóidh sé seo iolracht, feabhsóidh sé rochtain shaoránaigh na hÉireann ar fhaisnéis iontaofa ar ardchaighdeán ar ghnóthaí poiblí na hÉireann sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, tacóidh sé le teacht aniar earnálacha na meán nuachta agus cumasóidh sé díospóireacht shaor agus oscailte ar ábhair chun leas an phobail agus ábhair a bhfuil tábhacht ag baint leo, agus rannpháirtíocht i sochaí dhaonlathach ag saoránaigh eolasacha. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Catherine Martin as a tacaíocht do na Scéimeanna sin.”

Tá Coimisiún na Meán ag lorg tuairimí anois maidir leis an gcur chuige atá beartaithe don dá Scéim mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is féidir eolas faoin bpróiseas Comhairliúcháin a fháil anseo:

Déanfaidh Coimisiún na Meán na Scéimeanna a thabhairt chun críche agus a sheoladh tar éis an chomhairliúcháin.