Gach Nuacht

Seolann Coimisiún na Meán babhta nua den Scéim Urraíochta – suas le €300,000 ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí earnáil na meán cumarsáide

Foilsithe ar

08,10,2024

Tugtar cuireadh do ghrúpaí ar spéis leo iarratas a dhéanamh faoin spriocdháta Dé Luain, 4 Samhain.

Tá babhta nua maoinithe seolta ag Coimisiún na Meán inniu (08.10.24) faoina Scéim Urraíochta. Tá suas le €300,000 san iomlán á chur ar fáil chun tacú le raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin don bhliain atá le teacht, 2025.

Is féidir urraíocht a lorg d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí earnáil na meán cumarsáide a thagann le haidhm an Choimisiúin chun tírdreach faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach agus sábháilte a chinntiú. Braitheann leibhéil an mhaoinithe a bheidh ar fáil d’iarratasóirí rathúla ar nádúr an imeachta, a ábharthacht d’obair an Choimisiúin, agus na gnéithe cur chun cinn a chuimsítear san iarratas.

Ag labhairt dó ar sheoladh bhabhta nua na Scéime Urraíochta, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha Meán Choimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thacú le tírdhreach meán a léiríonn agus a mhúnlaíonn cé muid féin mar shochaí. Cuid thábhachtach dár gcuid oibre chun an cuspóir seo a bhaint amach is ea tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí na meán a tharlaíonn go náisiúnta agus go háitiúil ar fud oileán na hÉireann. Tá lúcháir orm an babhta nua dár Scéim Urraíochta a sheoladh, ar deis iontach í dóibh siúd in earnáil na meán chun urraíocht a lorg le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl in 2025.”

‘’Aithníonn an Scéim Urraíochta cruthaitheacht earnáil na meán cumarsáide in Éirinn agus féachtar le himeachtaí agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú a léiríonn éagsúlacht shochaí na hÉireann. Bheadh ​​an-áthas orainn moltaí urraíochta a fheiceáil ó raon éagsúil grúpaí ar fud an oileáin faoin spriocdháta Dé Luain, 4 Samhain.”

I measc na ndaoine a fuair maoiniú ó Scéim Urraíochta Choimisiún na Meán roimhe seo tá: Fleadh Scannán na Gaillimhe, Féile Beochana an Daingin, Féile na Meán Bhéal Feirste agus Féile Idirnáisiúnta Scannán Catalyst, Duais Cheoil Rogha – a thaispeánann scoth an cheoil Ghaelaigh, agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais – a cheiliúrann sármhaitheas agus gnóthachtáil in earnáil na meán Gaeilge.

Is é meán lae ar an Luan, 4 Samhain 2024 an dáta deiridh chun iarratais a fháil ar an Scéim Urraíochta. Tá tuilleadh sonraí maidir le hincháilitheacht agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil sa treoirleabhar agus san fhoirm iarratais.