
Nuashonruithe ar Chóid agus Rialacha Craolacháin a theastaíonn chun oibleagáidí na hÉireann a chomhlíonadh faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD)
Sheol Coimisiún na Meán comhairliúchán inniu (04.09.2024) ar Chóid agus Rialacha Craolacháin athbhreithnithe le haghaidh craoltóirí raidió agus teilifíse. Ní mór na Cóid agus na Rialacha a nuashonrú chun Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) a chomhlíonadh.
Forálann AVMSD do na caighdeáin íosta agus d’oibleagáidí nach mór do sholáthraithe seirbhíse meán cloí leo i réimsí éagsúla, lena n-áirítear sábháilteacht leanaí, inrochtaineacht a seirbhísí, agus an toirmeasc ar ábhar a spreagann an fuath.
Dúirt Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh ag Coimisiún na Meán: “Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go gcoinnítear na Cóid agus na Rialacha a bhaineann le craoltóirí in Éirinn cothrom le dáta le rialacháin an Aontais Eorpaigh chun tírdhreach meán atá bisiúil agus sábháilte a chinntiú do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán inniu maidir le Cóid agus Rialacha athbhreithnithe ina bhfuil oibleagáidí nuashonraithe do chraoltóirí Éireannacha agus ina n-aithnítear nós imeachta nua gearán don phobal sa chás go gcreideann aon duine gur theip ar chraoltóir Cód nó Riail a chomhlíonadh. Amach anseo, tá sé i gceist ag an gCoimisiún athbhreithniú eile a dhéanamh ar ár gCóid agus ár Rialacha lena chinntiú go leanfaidh siad orthu ag freastal ar riachtanais lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, agus ar ár dtírdhreach meán atá ag athrú.”
Is iad seo a leanas na Cóid agus na Rialacha Craolacháin athbhreithnithe a bhfuiltear ag dul i gcomhairle fúthu:
- An Dhréacht Chód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála (Béarla) ina leagtar amach rialacha do chraoltóirí maidir le cumarsáid tráchtála, lena n-áirítear fógraí, urraíocht agus suíomh táirgí.
- Dréacht Chód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála (Béarla) ina leagtar amach rialacha breise maidir le cumarsáid tráchtála atá dírithe ar leanaí agus atá dírithe ar lucht éisteachta agus féachana níos óige ná 18 mbliana d’aois a chosaint.
- An Dhréacht Chód Caighdeán Clár (Béarla) ina leagtar amach prionsabail a bhaineann le hábhar eagarthóireachta d’fhonn díobháil nó cion míchuí a íoslaghdú.
- Dréacht Rialacha maidir le Fógraíocht agus Teilishiopadóireacht ina leagtar amach na teorainneacha ar an leibhéal fógraíochta agus teilishiopadóireachta a fhéadfaidh a bheith ag craoltóirí mar chuid dá seirbhísí. Moltar an Cód seo a roinnt ina dhá shraith nua de Chóid agus Rialacha, ina gcuimsítear ceanglais a bhaineann le fógraíocht, teilishiopadóireacht, ionracas comhartha agus faisnéis, agus rialacha fógraíochta do chraoltóirí raidió (Béarla).
- An Dhréacht Chód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha ina soláthraítear prionsabail atá craoltóirí le cur i bhfeidhm d’fhonn cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach i gclúdach nuachta agus cúrsaí reatha.
- An Dhréacht Chód maidir le Tuairisciú Gearr Nuachta ina gceadaítear do chraoltóirí sleachta nuachta gairide d’imeachtaí a chraolann craoltóirí eile ar díol spéise don phobal iad a úsáid ar mhaithe le tuairisciú nuachta.
Mairfidh an comhairliúchán ón 04 Meán Fómhair go dtí an 03 Deireadh Fómhair 2024.
- Doiciméad comhairliúcháin: Dréachtrialacha maidir le Seirbhís Meán agus Dréachtchód maidir le Seirbhís Meán (Béarla).