Gach Nuacht

Seolann Coimisiún na Meán comhairliúchán maidir le Rialacha leasaithe chun Inrochtaineacht Craoltóirí Teilifíse a fheabhsú

Foilsithe ar

18,07,2024

Sna Dréacht-Rialacha Rochtana, tá spriocanna ceangailteacha maidir le seirbhísí Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Fotheidealaithe agus Tráchtaireachta Fuaime

Inniu (18.07.2024), sheol Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí (Bearla) ar na dréacht Rialacha Rochtana do Chraoltóirí Teilifíse (Bearla). Sna Rialacha Leasaithe, tá spriocanna ceangailteacha nuashonraithe maidir le seirbhísí Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Fotheidealaithe agus Tráchtaireachta Fuaime, agus dírítear sna Rialacha ar inrochtaineacht clár a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas. Nuair a thabharfar na Rialacha Rochtana chun críche, beidh feidhm acu maidir le craoltóirí teilifíse atá lonnaithe in Éirinn.

Áirítear sna dréacht-Rialacha Rochtana le haghaidh comhairliúcháin Caighdeán dea-chleachtais, lena gceanglaítear ar chraoltóirí a chinntiú go dtáirgtear seirbhísí Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Fotheidealaithe agus Tráchtaireachta fuaime ar ardchaighdeán.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Is príomhthosaíocht do Choimisiún na Meán é a chinntiú go gcomhlíonann tírdhreach meán na hÉireann an caighdeán is airde inrochtaineachta. Nuair a thabharfar na Rialacha Rochtana leasaithe do Chraoltóirí Teilifíse chun críche, socrófar leo spriocanna ceangailteacha nuashonraithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí agus cuirfear Caighdeáin le baint amach ag craoltóirí ar fáil chun a chinntiú go bhfuil a gcuid clár inrochtana. Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach meán na hÉireann a leasú, lena n-áirítear a chinntiú go bhforbrófar cláir le bheith cuimsitheach agus inrochtana do gach ball den lucht féachana/éisteachta.’’

Foráiltear leis na dréacht-Rialacha Rochtana freisin go bhféadfaidh daoine den phobal gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán i gcás ar bith nach gcomhlíonann craoltóirí na Rialacha. Beidh an comhairliúchán poiblí (Bearla) ar siúl ón 18 Iúil go dtí an 19 Lúnasa.

Mar chuid den na chomhairliúcháin, éascóidh Coimisiún na Meán cruinnithe le hEagraíochtaí Ionadaíocha um Dhaoine faoi Mhíchumas (DPROnna), daoine a úsáideann seirbhísí Fotheidealaithe, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus Tráchtaireachta Fuaime agus eagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna úsáideoirí rochtana. Áiritheofar leis an gcur chuige seo go rachfar i gcomhairle leo siúd is mó a bhainfidh tairbhe as na Rialacha Rochtana agus lena n-ionadaithe sula dtabharfar na Rialacha chun críche.

Dréacht-Rialacha Rochtana do Chraoltóirí Teilifíse (Word)
Dréacht-Rialacha Rochtana do Chraoltóirí Teilifíse (PDF)
Dréacht-Rialacha Rochtana do Chraoltóirí Teilifíse (ISL)
Comhairliúchán Poiblí ar Rialacha Rochtana (Word) – Béarla
Comhairliúchán Poiblí ar Rialacha Rochtana (PDF) – Béarla
Comhairliúchán Poiblí ar Rialacha Rochtana (ISL)
Foirm Comhairliúchán Poiblí ar Rialacha Rochtana (Word) – Béarla