Gach Nuacht

Seolann Coimisiún na Meán iarratais le haghaidh Scéimeanna nua Iriseoireachta

Foilsithe ar

17,07,2024

Tacóidh na Scéimeanna nua Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Cúirteanna le hiriseoireacht phoiblí inrochtana d’ardchaighdeán a chruthú
Leithdháileadh €6 mhilliún ar na Scéimeanna Iriseoireachta in 2024

Sheol Coimisiún na Meán ár Scéimeanna nua Iriseoireachta inniu (17.07.2024) a thacóidh le hearnáil na meán agus leis an iriseoireacht ar ardchaighdeán ar fud na hÉireann. Is é aidhm na Scéimeanna an clúdach a dhéantar ar údaráis áitiúla agus ar éisteachtaí na cúirte dúiche agus cuarda a fheabhsú agus bunaíodh iad tar éis moladh a rinneadh i dTuarascáil de chuid Choimisiún um Thodhchaí na Meán.

Cuirfear maoiniú ar fáil freisin le haghaidh tograí iriseoireachta is spéis leis an bpobal i bhfoirm fhada. Sa chomhthéacs sin, beidh maoiniú ar fáil chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse meán píosaí nó sraith fócais dhomhain a dhéanamh faoi réimse leathan saincheisteanna a eascraíonn as an gclúdach ar na húdaráis áitiúla/fóraim dhaonlathacha eile nó a eascraíonn as clúdach ar na cúirteanna nó ábhair ghaolmhara.

Leithdháileadh €6 mhilliún ar na Scéimeanna Iriseoireachta in 2024 a bhuíochas le mhaoiniú a d’éirigh leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, a bhaint amach. Cumhdaítear leis an maoiniú sin deontais agus costais riaracháin na Scéime.

Beidh na Scéimeanna nua Iriseoireachta oscailte d’iarratais ó iriseoirí agus ó eagraíochtaí meán, lena n-áirítear ardáin chraolta, chlóite agus ar líne, i nGaeilge agus i mBéarla araon. Le bheith incháilithe, iarrfar ar iarratasóirí saineolas, cumas agus cuntas teiste eagarthóireachta a léiriú, agus ní mór freisin gur eintiteas rialáilte iad, nó ní mór dóibh a bheith cleamhnaithe le heintiteas rialáilte.

Ag trácht dó ar sheoladh na Scéimeanna Iriseoireachta, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá ríméad orainn a bheith ag seoladh ár Scéimeanna Iriseoireachta tuairiscithe daonlathais áitiúil agus cúirteanna. Seo é an chéad deis atá ag Coimisiún na Meán tacaíocht dhíreach a thairiscint chun iriseoireacht iontaofa d’ardchaighdeán a chur chun cinn do phobail áitiúla ar fud na hÉireann agus é sin a dhéanamh ar bhonn ardáin-neodraigh. Seo é an chéad uair ar féidir tacú le soláthraithe nuachta clóite agus ar líne ar an mbealach seo.”

“Tá na Scéimeanna nua seo á dtabhairt isteach ar bhonn píolótach agus déanfar athbhreithniú orthu ina dhiaidh sin, agus beidh an t-aiseolas a gheofar agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara fíorthábhachtach d’fhorbairt aon tionscnaimh agus scéimeanna maoinithe amach anseo. Molaimid do gach iarratasóir incháilithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus táimid ag tnúth le haiseolas a fháil ar chur i bhfeidhm na Scéimeanna nua seo.”

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Cuirim fáilte mhór roimh sheoladh na Scéimeanna Tuairiscithe Cúirteanna agus Daonlathais Áitiúil ag Coimisiún na Meán inniu. Tá earnáil meáin láidir, éagsúil agus saor, a bhfuil nuacht áitiúil agus réigiúnach ina cuid ríthábhachtach de, riachtanach don daonlathas agus dár sochaí ina hiomláine. Tá na Scéimeanna ina n-imeacht nua ag an Stát chun tacú le hiriseoireacht chun leasa an phobail ag am a bhfuil iriseoireacht thraidisiúnta faoi bhrú.

Cabhróidh an €6m a fuair mé i mBuiséad 2024, ar mhaithe leis na Scéimeanna nua, le tacú le hiriseoireacht ardchaighdeáin neamhspleách chun leasa an phobail a sholáthraíonn seirbhís riachtanach don phobal chomh maith le hiolrachas, inbhuanaitheacht agus sláine ár meán.”

Cuirfear an t-ábhar ar fad a mhaoineofar ar fáil in aisce don phobal, 7 lá ar a laghad tar éis é a fhoilsiú den chéad uair, agus uaslódálfaidh Coimisiún na Meán é ar a shuíomh gréasáin, .

Tagann seoladh na Scéimeanna i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí i mí Aibreáin na bliana seo, agus tarraingíodh aird in go leor aighneachtaí a rinneadh chuig an gcomhairliúchán ar thábhacht na Scéimeanna chun daonlathas sláintiúil a chothú, eolas a thabhairt do shaoránaigh agus iad a dhéanamh rannpháirteach. Léiríodh sna freagraí freisin go raibh na freagróirí sásta ar an iomlán leis an gcur chuige a mhol an Coimisiún.

Iarrann Coimisiún na Meán anois ar iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi na Scéimeanna nua Iriseoireachta píolótacha. Is féidir na Treoir d’Iarratasóirí a fháil anseo:
An Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (Béarla)
An Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (Gaeilge)
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna (Béarla)
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna (Gaeilge)

Is é 12.00, an 17 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe don dá Scéim. Is féidir na foirmeacha iarratais a fháil anseo:
An Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil – Foirm Iarratais (Béarla)
An Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil – Foirm Iarratais (Gaeilge)
An Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil – Beart Coimhdeach (Béarla)
An Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil – Beart Coimhdeach (Gaeilge)
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna – Foirm Iarratais (Béarla)
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna – Foirm Iarratais (Gaeilge)
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna – Beart Coimhdeach (Béarla)
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna – Beart Coimhdeach (Gaeilge)

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na Scéimeanna ar ár suíomh gréasáin anseo.