Spriocdháta Sínte – Glao ar Ionchuir ar Fhorbairt an Chéad Chóid um Shábháilteacht Ar Líne

Ar an 11 Iúil 2023, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán Glao ar Ionchuir, dar teideal Sábháilteacht Ar Líne – An Chéad Chód Ceangailteach um Shábháilteacht Ar Líne in Éirinn maidir le Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeáin a Fhorbairt.

Tar éis iarratais a fháil ó eagraíochtaí tionscail agus na sochaí sibhialta, tá sé comhaontaithe ag an gCoimisiún síneadh a chur leis an spriocdháta. Is é Dé Luain 4 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta nua le haghaidh aighneachtaí.

Is féidir aighneacht a dhéanamh chuig [email protected] agus tá cóip den Ghlao ar Ionchuir (Béarla) le fáil anseo.