Gach Nuacht

An Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht d’earnáil na meán in Éirinn foilsithe ag Coimisiún na Meán

Foilsithe ar

03,07,2024

Tá an chéad Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht d’earnáil na meán fuaime agus closamhairc a foilsiú ag Coimisiún na Meán inniu (03.07.24).

Beidh baint ag an Straitéis seo leo siúd a phléann le cúrsaí scannánaíochta, teilifíse, raidió, closamhairc agus léirithe beochana. Leagtar amach gníomhartha éagsúla sa Straitéis ceann amháin is ea go gcaithfidh gach comhlacht in earnáil na meán fuaime agus closamhairc polasaithe, pleananna agus straitéisí um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht (ICÉI) dá gcuid féin a fhoilsiú.

Faoi réir ag an Straitéis, tá Coimisiún na Meán ag súil leis go gcuirfidh eagraíochtaí na meán leis an ionchuimsitheacht san earnáil agus gníomhartha mar seo a leanas á gcur i gcrích acu:

  • oiliúint foirne a sholáthar maidir le feasacht ar mhíchumas agus claontuairim neamh-chomhfhiosach,
  • feabhas a chur ar an rochtain a bheidh ag daoine ar áiteanna oibre agus ar an teacht a bheidh acu ar ábhar,
  • scrúdú a dhéanamh ar sholáthar intéirneachtaí íoctha agus meantóireachtaí straitéiseacha do ghrúpaí mionlaigh.

Nuair a bheidh an Straitéis foilsithe, forbróidh Coimisiún na Meán Caighdeáin ICÉI le haghaidh na hearnála.

Agus é ag labhairt mar gheall ar fhoilsiú na Straitéise um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht, dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán: “Tosaíocht do Choimisiún na Meán ón uair a bhunaithe is ea é éagsúlacht na sochaí in Éirinn a léiriú i gceart sna meáin.

“Céim mhór is ea é gur foilsíodh An Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht le haghaidh earnáil na meán in Éirinn agus cinnteofar mar thoradh go mbeidh teacht ag cách in Éirinn ar earnáil na meán closamhairc dár gcuid atá ionchuimsitheach agus éagsúil agus ina léirítear Éire ár linne. Tá mórchuid craoltóirí agus eagraíochtaí tar éis tionscnaimh a chur ar bun atá ag cur le héagsúlacht agus ionchuimsitheacht agus is mian liom an dul chun cinn seo a aithint agus mé ag súil le forbairtí eile amach anseo.

“Beidh an Straitéis seo, mar aon leis na caighdeáin tionsclaíochta a eascróidh aisti, mar chritéar lárnach le haghaidh scéimeanna maoinithe An Choimisiúin. Cheana féin, cuireann an scéim maoinithe um Chraoltóireacht Fuaime agus Físe le cuspóirí inscne, comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta, rud a chinntíonn go dtabharfar cluas agus tacaíocht do raon guthanna san earnáil.

“Leanfaidh An Coimisiún le tionscnaimh a spreagadh a chuirfidh le héagsúlacht in earnáil na méan in Éirinn agus trínár bhforbairt féin san earnáil agus ár scéimeanna maoinithe, tacóimid le tionscnaimh a chuireann leis an ionchuimsitheacht in earnáil na meán in Éirinn.”

Ag labhairt di ag seoladh na Stráitéise ag oifigí Choimisiún na Meán inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Bhí riamh, agus tá ceist na cothroime inscne agus an chomhionannais mar thosaíocht agamsa mar Aire. Tá earnáil meán éagsúil agus uilechuimsitheach riachtanach dár sochaí, dár ndaonlathas agus dár bhforbairt chultúrtha. Tá sé ríthábhachtach go léíríonn ár meáin cumarsáide guthanna iomadúla agus éagsúla ár sochaí.

Léiríonn an straitéis seo an chéad chéim de phróiseas níos fadtéarmaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sochaíocha fadréimseacha atá romhainn, amhail comhionannas inscne, léiriú steiréitíopaí diúltacha agus na bacainní ar rochtain agus deis. Oibreoidh an straitéis seo i dtreo tírdhreach meán níos cothroime a chinntiú, a sholáthraíonn éagsúlacht agus iolrachas guthanna dár ndioscúrsa náisiúnta, a chothaíonn deiseanna laistigh den earnáil, agus atá in oiriúint don tsochaí a léiríonn sí”.

Tá Coiste Stiúrtha bunaithe ag Coimisiún na Meán chun dul chun cinn na Straitéise a mheas agus foilseoidh an Coiste seo tuarascáil bhliantúil ina ndéanfar cur síos ar thionscnaimh ICÉI in earnáil na meán in Éirinn.  Tá An Coimisiún ag nascadh thionscnaimh ICÉI leis an bpróiseas ceadúnaithe le haghaidh seirbhísí craoltóireachta agus déanfaidh sé taighde a choimisiúnú mar bhonn eolais le cóid seirbhíse na meán a fhorbairt feasta.

Tá an Straitéis ICÉI bunaithe ar cheithre cholún: Ionad Oibre/Cultúr, Ionadaíocht/Ábhar, Rannpháirtíocht, agus Forbairt. Cuirtear ar fáil do sholáthraithe seirbhíse na meán sa Straitéis seo na dea-chleachtais le haghaidh na hearnála.

Nótaí

Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht.

Mhol An Coimisiún um Thodhchaí na Meán go bhforbrófaí caighdeáin chomhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta le haghaidh earnáil na meán.