Gach Nuacht

An mbeadh d’eagraíocht i dteideal maoiniú faoinár gClár Foghlama agus Forbartha Earnála?

Foilsithe ar

07,11,2024

Tá fáilte roimh eagraíochtaí a bhfuil suim acu iarratas a chur isteach roimh an spriocdháta Déardaoin, an 5ú Nollaig.

Inniu (7.11.24) sheol Coimisiún na Meán babhta maoinithe faoina Chlár Foghlama agus Forbartha Earnála. Tá suas le €550,000 san iomlán á chur ar fáil chun tacú le líonraí tionscail agus eagraíochtaí ionadaíocha chun raon gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha a sholáthar an bhliain seo chugainn, 2025.


Is féidir le heagraíochtaí maoiniú a lorg, ar eagraíochtaí iad a oibríonn in earnáil na meán agus a thugann faoi thionscnaimh oiliúna agus forbartha a thacaíonn le tionscail an chraolacháin agus closamhairc agus a thagann le haidhm an Choimisiúin tírdhreach meán a chinntiú atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach agus sábháilte. Beidh leibhéil éagsúla maoinithe ar fáil do na hiarratasóirí a roghnófar de réir chineál na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, agus a n-ábharthacht i dtaca le hobair an Choimisiúin.


Dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán de chuid Choimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill: “Tá lúcháir ar an gCoimisiún an babhta maoinithe seo a sheoladh faoinár gClár Foghlama agus Forbartha Earnála. Tá forbairt leanúnach oiliúna agus scileanna ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht earnáil na meán a chinntiú agus chun cur lena fás, lena héagsúlacht agus lena cruthaitheacht. Tuigimid an ról tábhachtach a imríonn eagraíochtaí agus comhlachtaí ionadaíocha an tionscail chun deiseanna oiliúna agus foghlama a chur ar fáil dóibh siúd a oibríonn san earnáil. Príomhghné dár gcuid oibre is ea tacú le tionscadail ardchaighdeáin den sórt sin, agus táimid ag tnúth go mór le raon leathan tograí a fheiceáil leis an aidhm tírdhreach na meán a shaibhriú agus tacú lena fhorbairt leanúnach.”


I measc na ngrúpaí ar éirigh leo maoiniú a fháil faoin gClár Foghlama agus Forbartha Earnála roimhe seo bhí siad seo a leanas: An Clár Learning Waves do Chéimithe Iriseoireachta, Women in Film and Television, CRAOL – eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar raidió pobail, Cuallacht Scríbhneoirí Éireann, agus Oireachtas na Gaeilge.


Is é an dáta deireanach d’iarratais ar an gClár ná meán lae Déardaoin, 5 Nollaig 2024. Tá na sonraí breise maidir le cáilitheacht agus conas is féidir iarratas a dhéanamh sa treoir agus san fhoirm iarratais.