Gach Nuacht

Comhairliúchán poiblí, maidir lenár nDréachtráiteas Straitéise, ar oscailt

Foilsithe ar

06,11,2024

Sheol Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí inniu (06 Samhain 2024) maidir lena chéad Ráiteas Straitéise. Leagtar amach sa Dréachtstraitéis fís, misean agus torthaí straitéiseacha Choimisiún na Meán, chomh maith le huirlisí seachadta agus áisitheoirí straitéiseacha.

Foráiltear le halt 29 (1) den Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus Meán, 2022 (Acht OSMR, 2022), go n-ullmhóidh Coimisiún na Meán Ráiteas Straitéise trí bliana a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

Beidh an comhairliúchán oscailte go dtí an 4 Nollaig*.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sa Cháipéis Chomhairliúcháin.

*Spriocdháta Sínte – Beidh an comhairliúchán oscailte go dtí an 6 Nollaig 2024*