
Inniu (28.03.25), tá Coimisiún na Meán ag iarraidh ar phobal na hÉireann a dtuairim a thabhairt faoi thodhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí.
Fiafraíonn an Glao ar Lonchuir — a gcuirfear tús leis inniu, Dé hAoine, 28 Márta agus a gcuirfear deireadh leis Dé hAoine, 23 Bealtaine — den phobal cad atá á iarraidh acu ar na Meáin Seirbhíse Poiblí in Éirinn, cad atá ag teastáil uathu ó na Meáin agus cad a thaitníonn leo faoi na Meáin. Ina theannta sin, fiafraítear den phobal cad iad na rudaí ar mhaith leo níos mó a fheiceáil díobh amach anseo.
Tá Coimisiún na Meán ag lorg tuairimí faoin méid seo a leanas: na cineálacha ábhair is ansa leis an bpobal; na hardáin a mbreathnaíonn daoine ar chláir orthu; agus an dóigh le daoine go dtugtar léiriú cruinn orthu féin agus ar a gcuid barúlacha sna Meáin Seirbhíse Poiblí in Éirinn.
Agus í ag caint ar sheoladh an Ghlao ar Ionchuir, dúirt Aoife MacEvilly, an Coimisinéir um Chraolachán agus Físeán ar Éileamh i gCoimisiún na Meán, “Tosaíocht ag Coimisiún na Meán é a chinntiú go ndéanfaidh tírdhreach meán na hÉireann freastal ar riachtanais lucht féachana agus lucht éisteachta na hÉireann. Ta a fhios againn go mbíonn tírdhreach na meán ag forbairt go buan, tá an teicneolaíocht ag athrú agus tá an bealach a théann daoine i ngleic le hábhar ag claochlú go tapa. Deis iontach é an Glao ar Ionchuir atá á sheoladh againn inniu do dhaoine ar fud na hÉireann a dtuairimí a thabhairt faoi thodhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí.
“Tá ról fíorthábhachtach ag na Craoltóirí Seirbhíse Poiblí, RTÉ agus TG4, agus ag na craoltóirí ceadúnaithe, chun oideachas, siamsaíocht agus eolas a chur i láthair an phobail. Is é an Glao are Ionchuir seo an chéad chéim chun Páipéar Seasaimh nua a chur le chéile maidir le Riachtanais Lucht Féachana agus Lucht Éisteacha agus Prionsabail agus Luachanna na Meán Seirbhíse Poiblí, a chuirfear i gcrích in 2026. Mholfainn don phobal mór teacht i dtír ar an deis seo chun a gcuid tuairimí a chur faoinár mbráid faoin Aoine, 23 Bealtaine agus chun cabhrú linn cruth a chur ar thírdhreach meán na hÉireann amach anseo.”
Is é an Glao ar Lonhcuir an chéad chéim i gclár oibre ilbhlianta Choimisiún na Meán maidir le todhchaí na Meán Seirbhíse Poiblí. Beidh faill ag craoltóirí agus ag páirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí a nochtadh de réir mar a théann an obair seo ar aghaidh.
Tabhair do thuairim – Glao ar Lonhcuir
Ní ghlacfaidh sé ach 10 nóiméad a líonadh agus dúnfar é ar Aoine, 23 Bealtaine.