Tacaíonn Coimisiún na Meán le triail nua raidió DAB

A hand turns the radio up while listening to music at home

Tá Coimisiún na Meán ag fógairt inniu (27.03.2025) a thacaíocht do thriail úrnua DAB (Craolachán Digiteach Fuaime) atá le tosú i mí Aibreáin na bliana seo. Leathnóidh an triail éagsúlacht na seirbhísí atá ar fáil do lucht éisteachta na hÉireann agus tástálfaidh sí teicneolaíocht DAB+, ag tabhairt deis chun na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann do chraoltóirí agus éisteoirí a fhiosrú.

Feidhmeoidh an triail ar feadh bliana, agus tá sí mar chuid de thiomantas Choimisiún na Meán do thírdhreach meán nua-aimseartha, éagsúil, inbhuanaithe d’Éirinn.

Ag labhairt ag Comhdháil Laethanta Raidió i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Fís ar Éileamh Choimisiún na Meán: “Trí thacú leis an triail nuálach nua DAB+ seo agus trí chraoladh seirbhísí digiteacha nua a éascú do lucht éisteachta na hÉireann, leanann Coimisiún na Meán dá thiomantas láidir don iolrachas agus don éagsúlacht ar raidió na hÉireann a léiriú.”

Tá conarthaí soláthair ábhair faofa ag an gCoimisiún don triail seo, ag cinntiú go bhfuil meascán ilchineálach, méadaithe guthanna, tuairimí, foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, agus clár ceoil ar fáil. Leis an triail seo, leathnófar rogha na n-éisteoirí, spreagfar cruthaitheacht agus nuálaíocht agus cuirfear le fás agus inbhuanaitheacht na hearnála craolacháin. Tacófar freisin le hionadaíocht mhéadaithe agus cuimsitheacht chomh maith le héiceachóras meán níos dinimiciúla agus níos éagsúla a chothú.

Beidh Coimisiún na Meán ag obair leis na soláthraithe seirbhíse chun na seirbhísí nua a éascú trí chonarthaí soláthair ábhair a bhronnadh. Éascóidh triail DAB na seirbhísí raidió atá ann cheana féin a chomhchraoladh agus éascóidh sí éagsúlacht seirbhísí nua ar nós seirbhísí ceoil nideoige agus ré-shonracha agus cláir chainte nua a chlúdóidh seánraí éagsúla ar nós gnóthaí sóisialta, spóirt, topaicí dírithe ar an aos óg agus siamsaíocht leanaí.

Beidh an triail nua á hoibriú ag FáilteDAB, ar eisigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide, ComReg, ceadúnas trialach dó.