
Is cumann domhanda eagraíochtaí, rialálaithe, agus thacadóirí na meán seirbhíse poiblí é Comhaontas na Meán Poiblí.
Inniu (13.02.2025) tá sé fógartha ag Coimisiún na Meán go bhfuil sé tar éis dul i bpáirt le Comhaontas na Meán Poiblí (PMA) mar Bhall Cleamhnaithe. Is cumann domhanda eagraíochtaí, rialálaithe, agus thacadóirí na meán seirbhíse poiblí é Comhaontas na Meán Poiblí, a bhfuil sé mar mhisean aige tacú le ról na meán seirbhíse poiblí agus é a chur chun cinn. Tá ballraíocht PMA déanta suas as Baill agus Baill Chleamhnaithe – eagraíochtaí atá páirteach in éiceachóras níos leithne na meán poiblí, ar nós rialálaithe neamhspleácha, institiúidí acadúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta eile.
Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh Aoife MacEvilly:
“Tá Coimisiún na Meán freagrach as tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialú, agus san áireamh leis sin tá eagraíochtaí na meán seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4. Mar chuid dár dtiomantas do na meán seirbhíse poiblí, tá lúcháir orainn dul i bpáirt le Comhaontas na Meán Poiblí, agus táimid ag tnúth go mór le comhpháirtíocht oibre fhiúntach leo agus lena gcuid ball.”
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin PMA, Kristian Porter:
“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh Choimisiún na Meán isteach inár gcomhaontas domhanda. Ó bunaíodh é in 2023, tá tiomantas léirithe ag an rialálaí chun tacaíocht a thabhairt do ról na meán seirbhíse poiblí in Éirinn, agus chun a chinntiú go gcuirtear an tseirbhís is fearr agus is féidir ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Tá mé ag súil go mór le hobair le chéile go dlúth leo agus le foghlaim uathu sna blianta amach romhainn, agus tá a fhios agam go mbeidh luach ollmhór dár mballraíocht dhomhanda i gceist lena mballraíocht féin.”