Fógraí Ceadúnaithe
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail
De réir Alt 65(8) den Acht Craolacháin, 2009 (“Acht 2009”), cuireann Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) fáilte roimh iarratais i scríbhinn ó dhuine nó ó chomhlacht ar spéis leo conradh craolacháin fuaime a bhaint amach chun an tseirbhís craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM:
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail don Bhaile Ros Comáin agus an Ceantar Máguaird
Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal, go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna mhuintir i limistéar an tsaincheadúnais agus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar don pobal seo freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a ndéantar soláthar ina struchtúr do bhainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhise ag baill den phobal go priomha.
Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch de, agus freagrach don, phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.
Tarraingítear aird ar na critéir iomchuí a leagtar síos in Alt 64 agus Alt 66 d’Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi fhorálacha éagsúla Acht 2009.
Ní mór iarratais a chomhlánú de réir na formáide mionsonraithe a fhorordaítear sa Treoir um Iarratais i gcomhair Conradh Craolacháin Fuaime le Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail a sholáthar do Bhaile Ros Comáin agus an Ceantar Máguaird (Béarla) (“an Treoir”) atá foilsithe ag an gCoimisiún. Tá an Treoir seo, ina bhfuil faisnéis iomchuí eile leis i leith an nóis imeachta chun iarratas a dhéanamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.cnam.ie) nó ar iarraidh ó oifigí an Choimisiúin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais (Béarla) a sheachadadh ná 5 i.n. ar an Luain, 16 Meitheamh 2025. Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.
Cuirtear iarratais chomhlánaithe go dtí:
Oisín Kelly Bainisteoir Ceadúnaithe Coimisiún na Meán 1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20. F: 01 6441200, R: licensing@cnam.ie
Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail don Chlár Thoir, lena n-áirítear An Tullach, An Scairbh, An Geata Bán, agus Cill Dalua.
Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal, go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna mhuintir i limistéar an tsaincheadúnais agus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar don pobal seo freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a ndéantar soláthar ina struchtúr do bhainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhise ag baill den phobal go priomha.
Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch de, agus freagrach don, phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.
Tarraingítear aird ar na critéir iomchuí a leagtar síos in Alt 64 agus Alt 66 d’Acht 2009 agus ar na dualgais a fhorchuirfear ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi fhorálacha éagsúla Acht 2009.
Ní mór iarratais a chomhlánú de réir na formáide mionsonraithe a fhorordaítear sa Treoir um Iarratais i gcomhair Conradh Craolacháin Fuaime le Seirbhís Craolacháin Fuaime Pobail a sholáthar don Chlár Thoir lena n-áirítear an Tulach, an Scairbh, an Geata Bán agus Cill Dalua (Béarla) (“an Treoir”) atá foilsithe ag an gCoimisiún. Tá an Treoir seo, ina bhfuil faisnéis iomchuí eile leis i leith an nóis imeachta chun iarratas a dhéanamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (www.cnam.ie) nó ar iarraidh ó oifigí an Choimisiúin.
Is é an dáta deiridh chun iarratais a sheachadadh ná 5 i.n. ar an gCéadaoin, 18 Meitheamh 2025. Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.
Cuirtear iarratais chomhlánaithe go dtí:
Kerrie Costello Bainisteoir Ceadúnaithe Coimisiún na Meán 1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20. F: 01 6441200, R: licensing@cnam.ie
Cuireann an Coimisiún fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge