Soláthraithe Seirbhíse Meán a Chlárú

Tá dualgas reachtúil orainn Clár Soláthraithe Seirbhíse Meán a bhunú agus a chothabháil. Tá dualgas reachtúil comhfhreagrach ar sholáthraí seirbhíse meán atá lonnaithe i Stát na hÉireann agus a sholáthraíonn seirbhís closamhairc físeáin ar éileamh amháin nó níos mó a sheirbhís(í) a chur in iúl dúinn. 

Áirítear sa Chlár an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soláthraí seirbhíse meán:

  1. Ainm an tsoláthraí seirbhíse meán. 
  2. Na sonraí teagmhála poiblí (ríomhphost agus/nó uimhir theileafóin).
  3. Ainm(neacha) gach seirbhíse meán closamhairc ar éileamh a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse meán.
  4. Tuairisc ar chineál na seirbhíse agus ar chineál an ábhair a sholáthraíonn an tseirbhís.
  5. Ráiteas maidir leis an mbonn ar a measann an soláthraí seirbhíse meán go bhfuil sé faoi dhlínse an Stáit.

Tá an Clár faoi réir nuashonruithe, athruithe agus leasuithe ar bhonn leanúnach.

Treoirlínte agus Rialacha

Tá Rialacha agus Treoirlínte foilsithe againn freisin maidir leis an bpróiseas clárúcháin agus na dualgais reachtúla is infheidhme.

Mínítear iontu na ceanglais reachtúla agus conas a chur in iúl dúinn go soláthraíonn tú seirbhís closamhairc físeáin ar éileamh amháin nó níos mó.

Foirmeacha Fógra