Cóid & Rialacha
Craoltóireacht agus físeán ar éileamh
Mar rialtóir meán na hÉireann, déanann Coimisiún na Meán rialacháin (dá ngairtear Cóid & Rialacha) chun caighdeáin agus cleachtais chraoltóirí agus ardáin físeáin ar éileamh a rialú.
Clúdaíonn na rialacha réimse leathan ábhar, lena n-áirítear cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht i dtuairisciú nuachta agus cúrsaí reatha, rialacha maidir le fógraíocht agus urraíocht, lucht féachana a chosaint ar ábhar díobhálach, agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar na seirbhísí meán atá á soláthar.
Cé leis a mbaineann na Cóid & Rialacha?
Tá feidhm ag Cóid & Rialacha craolacháin maidir le craoltóirí teilifíse agus raidió atá lonnaithe in Éirinn nó a oibríonn ó Éirinn.
Baineann Cóid & Rialacha d’fhíseán ar éileamh le hardáin físeáin ar éileamh atá lonnaithe in Éirinn.
Sábháilteacht ar Líne
Tugtar aghaidh sa Chód Sábháilteachta ar Líne ar ábhar díobhálach agus mídhleathach ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán.