An tAcht Craolacháin, 2009

Rialaíonn an tAcht Craolacháin, 2009 raon leathan ábhar, lena n-áirítear rialáil, saincheisteanna a bhaineann le craoltóirí seirbhíse poiblí, forbairt na meán, agus maoiniú poiblí.

Socraíonn sé an creat rialála don chraoltóireacht, don chlosamharc ar éileamh agus don tsábháilteacht ar líne in Éirinn, agus rinne sé foráil roimhe seo do bhunú réamhtheachtaí Choimisiún na Meán, Údarás Craolacháin na hÉireann.

Leasaíodh an tAcht leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022. 

Féach leagan comhdhlúite den Acht Craolacháin, 2009 
arna leasú, arna tháirgeadh ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí