Meáin na Seirbhíse Poiblí
Is eagraíochtaí meán iad Meáin na Seirbhíse Poiblí atá faoi úinéireacht phoiblí agus a mhaoinítear go poiblí agus a sholáthraíonn ábhar a bhaineann le riachtanais dhaonlathacha, shóisialta agus chultúrtha shochaí na hÉireann atá saor ag pointe an tomhaltais.
In Éirinn, tá ár n-eagraíochtaí Meán Seirbhíse Poiblí — RTÉ agus TG4 — ceadúnaithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus rialaithe ag Coimisiún na Meán.
Tá RTÉ páirtmhaoinithe ag an táille cheadúnais agus páirtmhaoinithe ag ioncam tráchtála. Tá sainchúram leathan ar RTÉ, agus tá freagracht air as seirbhísí raidió agus teilifíse a sholáthar i mBéarla agus i nGaeilge araon. Tá sé de cheangal ar RTÉ freagairt do leasanna agus d’ábhair imní an phobail uile laistigh d’oileán na hÉireann, agus aird ar leith a thabhairt ar ghnéithe a idirdhealaíonn an cultúr sin agus, go háirithe, an Ghaeilge.
Tá TG4 páirtmhaoinithe ag Státchiste na hÉireann, le hioncam breise ó aer-am tráchtála a dhíol. Tá TG4 freagrach as seirbhís teilifíse a sholáthar a bhfuil a raon clár i nGaeilge go príomha. Léiríonn cláir TG4 na gnéithe éagsúla atá i gcultúr oileán na hÉireann ar fad agus aird ar leith á tabhairt ar ghnéithe a dhéanann idirdhealú idir an cultúr sin agus, go háirithe, na réigiúin Ghaeltachta (Gaeilge).
Ceanglaítear ar sheirbhísí RTÉ agus TG4 araon a bheith ar fáil, a mhéid is indéanta le réasún, do phobal uile oileán na hÉireann. Ní mór carachtar seirbhíse poiblí a bheith ag gach seirbhís agus ní mór iad a bheith saor in aisce don aer.
Tá cuspóirí poiblí, feidhmeanna agus oibleagáidí reachtúla RTÉ agus TG4 leagtha amach in ailt 113 go 116 (RTÉ) agus 117 go 119 (TG4) den Acht Craolacháin, 2009 (arna leasú). Déantar foráil in alt 123 maidir leis an leithroinnt maoinithe, agus tá an próiseas chun athruithe ar mhaoiniú poiblí a mholadh leagtha amach in alt 124 agus tá forálacha maidir le ceadúnais teilifíse le fáil i gcuid 9 den Acht.
Cuirtear maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil faoi láthair. Chomhaontaigh an Rialtas córas leasaithe maoinithe phoiblí ilbhliantúil do RTÉ i mí Iúil 2024, córas ina bhfuil córas na gceadúnas teilifíse agus tacaíocht ón Státchiste.
Déantar foráil san Acht Craolacháin, 2009 (arna leasú) freisin maidir le ceadúnú agus maoirseacht Teilifís an Oireachtais, seirbhís craolacháin i leith Thithe an Oireachtais.
An méid a dhéanaimid
Mar a fhoráiltear san Acht Craolacháin, 2009 (arna leasú), tá roinnt freagrachtaí orainn maidir le measúnú a dhéanamh ar RTÉ agus TG4, ar a maoiniú agus a n-oibríochtaí agus ar sheachadadh a gcuid cuspóirí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear sa reachtaíocht.
I measc na bhforálacha reachtúla tá:
- measúnú ar Ráitis Bhliantúla Gealltanas Feidhmíochta (‘ASPC’) faoi Alt 102(3) den acht;
- Athbhreithnithe Bliantúla ar Fheidhmíocht agus ar Mhaoiniú Poiblí (“ARPPF”) a dhéanamh faoi Alt 124(2)(5);
- Athbhreithnithe Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí (“5YRPF”) le haghaidh PSM a leagtar amach in Alt 124(8) a éascú;
- Iarmhairt Earnálach (Alt 100 agus Alt 103) agus Measúnuithe Comhfhiontair (Alt 104) a chur i gcrích, arna iarraidh sin ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Déanann Coimisiún na Meán eagraíochtaí meán seirbhíse poiblí a choinneáil cuntasach chun na nithe seo a leanas a chinntiú:
- trédhearcacht agus cuntasacht a léiriú maidir leis an úsáid a bhaineann siad as cistí poiblí, i gcomhréir le ceanglais dhlí na hÉireann agus an dlí Eorpaigh; agus
- an leibhéal seirbhíse a bhfuil súil ag an lucht féachana/lucht éisteachta leis a chur ar fáil dóibh.
Tá ár gcuid oibre neodrach ó thaobh ardáin de agus cuimsíonn sí gach seirbhís (teilifís, raidió, digiteach) a chuireann eagraíocht meán na seirbhíse poiblí ar fáil.
Mar eagraíocht, táimid dírithe ar dhaoine agus ar an lucht féachana/lucht éisteachta, ag feidhmiú le muinín, ionracas agus misneach agus ag seachadadh tionchair trí chinnteoireacht neamhspleách.
Creidimid go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaidh eagraíochtaí Meán Seirbhíse Poiblí in Éirinn an méid seo a leanas:
- dul i mbun nuálaíochta agus ceangal le riachtanais lucht féachana/éisteachta na hÉireann a spreagadh;
- iolrachas tuairimí agus dearcthaí a chur ar fáil;
- éagsúlacht chultúr agus thaithí na hÉireann a léiriú;
- a bheith siad slán, inbhuanaithe, trédhearcach agus cuntasach; agus
- a bheith in ann a gcion ríthábhachtach a dhéanamh i sochaí fheidhmiúil, oscailte agus dhaonlathach.