Ardáin ar líne
Is éard is ‘ardán ar líne’ nó ‘seirbhís idirghabhálach’ ann ná seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann faisnéis ar dhaoine a bhíonn ag plé leis an tseirbhís sin.
Tá aon ghnéithe breise a áirítear ar an ardán ó sheirbhís eile a theastaíonn le haghaidh fheidhmiúlacht an ardáin cuimsithe freisin i maoirseacht ar ardán den sórt sin.
Tá ardáin ar líne a bhfuil meánlíon úsáideoirí gníomhacha míosúla cothrom le 45 milliún nó níos mó acu a bhfuil rochtain acu ar an ardán laistigh den Aontas Eorpach ainmnithe mar ‘ardán an-mhór ar líne’ (‘VLOP’) nó mar ‘inneall cuardaigh an-mhór ar líne’ (‘VLOSE’). Tá liosta d’ardáin agus d’innill chuardaigh an-mhór ar líne ainmnithe laistigh den Aontas Eorpach le fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin Eorpaigh.
Tugtar ‘seirbhísí idirghabhálacha eile’ ar ardáin ar líne a bhfuil meánlíon úsáideoirí gníomhacha míosúla níos lú ná 45 milliún acu a bhfuil rochtain acu ar an ardán laistigh den Aontas Eorpach.
Maoirseacht ar ardáin ar líne
Cuimsíonn ár gcuid oibre maoirseachta monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí rialála, saincheisteanna a réiteach ar bhonn deonach nuair is cuí, agus beart comhlíonta foirmiúil a dhéanamh nuair a bhíonn údar leis. Mar chuid de na cuspóirí straitéiseacha sin, táimid freagrach as a chinntiú go gcomhlíonfar Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann. Fágann an creat sin go bhfuil seirbhísí digiteacha cuntasach as an gcaoi a gcosnaíonn siad daoine ar dhíobháil ar líne.
Tá trí phíosa éagsúla reachtaíochta sa Chreat Sábháilteachta ar Líne:
- An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, arb é sin an bonn dár gCód Sábháilteachta ar Líne
- An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA)
- An Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne
Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha, is é Coimisiún na Meán Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) ainmnithe na hÉireann agus is é an t-údarás inniúil é a dhéanann maoirseacht ar gach ardán ar líne atá lonnaithe in Éirinn. Roinntear an fhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar VLOPanna agus VLOSEnna atá lonnaithe in Éirinn idir an Coimisiún Eorpach agus Coimisiún na Meán.