Seirbhísí idirghabhálacha eile
Tá feidhm ag an Acht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) maidir le raon leathan seirbhísí a sholáthraítear ar líne, ar a dtugtar ‘seirbhísí idirghabhálacha’, lena n-áirítear margaí ar líne, na meáin shóisialta agus ardáin comhroinnte ábhair, aipmhargaí, agus ardáin taistil agus chóiríochta ar líne do sholáthraithe seirbhíse idirlín agus do líonraí seachadta ábhair.
Catagóirí na Soláthraithe Seirbhísí Idirghabhálacha (ISP)
Tá feidhm ag DSA maidir le gnólachtaí, eagraíochtaí nó seirbhísí ar líne a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhálacha ar líne san AE, i gcás ina gciallaíonn ‘seirbhísí idirghabhálacha’ ceann de na seirbhísí seo a leanas:
Seirbhís ‘cainéal fórach’
Is éard atá ann craoladh faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse i líonra cumarsáide, nó rochtain a sholáthar ar líonra cumarsáide.
- Samplaí: soláthraithe seirbhíse idirlín, seirbhísí teachtaireachtaí díreacha, líonraí príobháideacha fíorúla, córais ainmneacha fearainn, prótacal idirlín guthaithe, clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil.
Seirbhís thaisce
Is éard atá ann craoladh faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse i líonra cumarsáide, lena mbaineann stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun craoladh ar aghaidh chuig faighteoirí eile a dhéanamh níos éifeachtúla arna iarraidh sin dóibh, agus chun na críche sin amháin.
- Samplaí: líonraí seachadta ábhair, ionadaithe oiriúnaithe ábhair nó seachfhreastalaithe droim ar ais.
Seirbhís óstála
Stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse.
- Samplaí: soláthraithe néalseirbhísí, margaí ar líne, na meáin shóisialta, aipmhargaí, ardáin taistil agus chóiríochta.
Tá feidhm ag rialacha an DSA maidir le gach Soláthraí Seirbhíse Idirghabhálaí (ISPanna) a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí sa Mhargadh Aonair Eorpach, bíodh siad lonnaithe san AE nó lasmuigh de.
Má tá baint ag do ghnó, d’eagraíocht nó do sheirbhís ar líne le seirbhísí margaidh ar líne, is údarás inniúil é an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC).
Seiceáil an mbaineann an DSA le do sheirbhís trínár dtráth na gceist féinmheasúnaithe.
Conas comhlíonadh a chinntiú
Athraíonn na hoibleagáidí a chuirtear i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse de réir mhéid nó chatagóir an tsoláthraí. Mar chéad chéim, beidh ar sholáthraí a chinneadh cén ceann de na ceithre chatagóir lena mbaineann sé, ag tabhairt dá aire go bhféadfadh eintiteas aonair a sholáthraíonn seirbhísí iomadúla a bheith i níos mó ná catagóir amháin.
Má tá tuilleadh ceisteanna agat, seol ríomhphost chuig [email protected].