Cód Sábháilteachta ar Líne
Tugtar aghaidh sa Chód Sábháilteachta ar Líne ar ábhar díobhálach mídhleathach ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán (VSPSanna).
D’fhorbraíomar an Cód chun a chinntiú go ndéanann soláthraithe VSPS bearta chun leanaí agus an pobal i gcoitinne a chosaint. Is féidir na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:
- cosaintí a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm i dtéarmaí agus coinníollacha na seirbhíse;
- rátáil ábhair, dearbhú aoise agus/nó córais rialaithe tuismitheoirí a sholáthar;
- ligean d’úsáideoirí ábhar díobhálach nó mídhleathach a thuairisciú nó a mharcáil; agus
- bearta agus uirlisí litearthachta sna meáin a sholáthar.
Tá ábhair treorach maidir le Sábháilteacht ar Líne forbartha againn freisin. Ba cheart go gcabhródh siad seo le soláthraithe seirbhíse an Cód a chur i bhfeidhm chun na cosaintí riachtanacha a sholáthar do leanaí agus don phobal i gcoitinne.
Cé atá faoi rialú?
Leis an gCód Sábháilteachta ar Líne, rialaítear soláthraithe seirbhísí ardáin comhroinnte físeán (VSPS).
Is seirbhísí ar líne iad seirbhísí ardáin comhroinnte físeán más é:
- príomhchuspóir na seirbhíse,
- cuid indealaithe den tseirbhís, nó
- feidhmiúlacht fhíor-riachtanach na seirbhíse
ná cláir chlosamhairc nó físeáin ó úsáideoirí a sholáthar chun lucht féachana/éisteachta a chur ar an eolas, siamsaíocht a chur ar fáil dóibh nó oideachas a chur orthu.
Cén t-ábhar atá clúdaithe?
Tugtar aghaidh sa Chód ar na nithe seo a leanas:
- ábhar físe, lena n-áirítear cláir chlosamhairc agus físeáin ó úsáideoirí;
- cumarsáid tráchtála closamhairc; agus
- ábhar dodhealaithe ó úsáideoirí, amhail tuairimí nó tráchtanna a bhaineann le hábhar físe.
Leanaí a chosaint
Ceanglaítear leis an gCód go gcosnófar leanaí ó na nithe seo a leanas:
- ábhar físe a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt coirp, mheabhrach nó mhorálta; agus
- ábhar físe do dhaoine fásta amháin, lena n-áirítear pornagrafaíocht agus foréigean comhlán nó gan ghá.
Ceanglaítear leis an gCód freisin leanaí a chosaint ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc:
- a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt coirp, mheabhrach nó mhorálta;
- leanaí a ghríosú go díreach chun táirge nó seirbhís a cheannach nó a fháil ar cíos trí leas a bhaint as a n-easpa taithí nó a gcreidiúlacht;
- leanaí a spreagadh go díreach chun a chur ina luí ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine eile na hearraí nó na seirbhísí atá á bhfógairt a cheannach;
- leas a bhaint as an muinín speisialta a chuireann leanaí i dtuismitheoirí, i múinteoirí nó i ndaoine eile;
- leanaí a thaispeáint go míréasúnta i gcásanna contúirteacha; agus
- lena n-áirítear taispeáintí alcóil atá dírithe go sonrach ar leanaí.
Gach úsáideoir a chosaint
Ceanglaítear leis an gCód go ndéanfar an pobal i gcoitinne a chosaint ar ábhar físe nó ar ábhar dodhealaithe ó úsáideoirí:
- arb é atá ann gríosú chun fuatha nó chun foréigin bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha
- ar cion coiriúil faoi dhlí an Aontais Eorpaigh é a scaipeadh, lena n-áirítear ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, agus ciníochas agus seineafóibe;
- trína ndéanann duine bulaíocht nó uirísliú ar dhuine eile;
- trína ndéanann duine iompar ar saintréith de neamhord itheacháin nó beathaithe é a chur chun cinn nó a spreagadh;
- trína ndéanann duine eolas ar mhodhanna féindochair nó féinmharaithe (lena n-áirítear spreagadh iompair atá dochrach do shláinte nó do shábháilteacht leanaí, amhail dúshláin chontúirteacha), a chur chun cinn, a spreagadh nó a chur ar fáil.
Ceanglaítear leis an gCód freisin go gcosnófar an pobal i gcoitinne ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc:
- ina bhfuil gríosú chun fuatha nó foréigin bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha;
- ar cion coiriúil faoi dhlí an Aontais Eorpaigh é a scaipeadh, lena n-áirítear ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, agus ciníochas agus seineafóibe;
- a dhéanann dochar d’urramú dhínit an duine;
- lena n-áirítear nó lena gcuirtear chun cinn aon idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar náisiúntacht, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach;
- a spreagann iompar a dhéanann an-dochar do chosaint an chomhshaoil;
- a spreagann iompar atá dochrach do shláinte nó do shábháilteacht;
- le haghaidh toitíní agus táirgí eile tobac, agus le haghaidh toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta;
- a spreagann tomhaltas míchuibheasach deochanna alcólacha;
- le haghaidh táirgí íocshláinte agus cóireáil leighis nach bhfuil ar fáil ach ar oideas sa Stát.
Conas a forbraíodh an Cód?
Bhí forbairt an Chóid bunaithe ar roinnt foinsí fianaise, lena n-áirítear:
- freagraí ar an nGairm ar Ionchuir maidir leis an gCéad Chód Ceangailteach Sábháilteachta ar Líne de chuid na hÉireann a Fhorbairt le haghaidh Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán (Iúil 2023);
- an tAthbhreithniú Fianaise ar Dhíobhálacha ar Líne maidir le Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán, arna dhéanamh ag PA Consulting (‘Tuarascáil maidir le Díobhálacha na Gníomhaireachta Comhpháirtíochta’) (Meán Fómhair 2023);
- Taighde ar Shábháilteacht ar Líne 2023 (Samhain 2023);
- freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht-Chód; agus
- dul i gcomhairle le Coiste Comhairleach Óige Choimisiún na Meán.
Gairm ar Ionchuir — An chéad Chód Ceangailteach Sábháilteachta ar Líne de chuid na hÉireann a fhorbairt le haghaidh Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán (Iúil 2023)
Seoladh ár nGairm ar Ionchuir an 11 Iúil 2023 agus lorgaíodh freagraí faoin 4 Meán Fómhair 2023. Fuaireamar 55 aighneacht i scríbhinn ó raon freagróirí.
Leagtar amach roinnt saincheisteanna i ndoiciméad na Gairme ar Ionchuir agus cuireadh 23 cheist ghaolmhara, lena gcumhdaítear tosaíochtaí agus cuspóirí don chéad Chód Sábháilteachta ar Líne, na cineálacha díobhálacha atá le sainaithint, an méid mionsonraí ba cheart a bheith sa Chód, sineirgí leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, na cineálacha ábhair a dtabharfar aghaidh orthu, na cineálacha gnéithe sábháilteachta ar líne atá le sainordú mar chuid den Chód, na cineálacha beart atá le sainordú i ndáil le téarmaí agus coinníollacha seirbhíse, modhnú ábhair, agus gearáin, chomh maith le comhlíonadh, mar aon le hábhair eile.
D’ullmhaigh CommSol achoimre neamhspleách ar na freagraí ar an nGairm ar Ionchuir.
An tAthbhreithniú Fianaise ar Dhíobhálacha ar Líne ar Sheirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán, arna dhéanamh ag PA Consulting (Meán Fómhair 2023)
Cheapamar PA Consulting chun tabhairt faoi athbhreithniú litríochta ar fhianaise atá ar fáil a bhaineann le díobhálacha ar líne ar VSPS. Cuireadh é seo ar fáil dúinn mar chomhairle neamhspleách, shaineolach chun bonn eolais a chur faoinár gcur chuige i leith VSPS a rialú. Is meitea-staidéar í an tuarascáil a dhriogann agus a dhéanann anailís ar thorthaí ó iliomad staidéar agus foilseachán Éireannach, Eorpach agus idirnáisiúnta, agus é mar aidhm aici measúnú cothrom a thabhairt agus teorainneacha na sonraí atá ar fáil maidir le roinnt gnéithe de dhíobhálacha ar líne á n-aithint ag an am céanna.
Taighde ar Shábháilteacht ar Líne 2023 (Samhain 2023)
Chun tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi thuairimí an phobail maidir le rialáil seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cheap an Coimisiún IPSOS B&A chun dhá shuirbhé a dhéanamh thar a cheann.
Dhírigh an chéad suirbhé ar an úsáid a bhaineann an pobal as suíomhanna gréasáin agus aipeanna a sholáthraíonn físeáin. Ceisteanna a dtugtar aghaidh orthu, i measc nithe eile, a mhinice a úsáidtear suíomhanna gréasáin agus aipeanna agus a mhinice a bhíonn siad ag breathnú ar fhíseáin, á gcomhroinnt nó á n-uaslódáil.
Díríodh níos mó sa dara suirbhé ar na díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr ábhar físe agus freagairtí rialála ar na díobhálacha féideartha sin. Scrúdaíodh tionchar na ndíobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar ghrúpaí áirithe sa tsochaí agus iarradh ar fhreagróirí a dtuairim a thabhairt freisin maidir le cé ba cheart a bheith freagrach as an gcosaint.
Freagraí ar an suirbhé:
Freagraí ar chomhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht-Chód (Nollaig 2023 – Eanáir 2024)
An 8 Nollaig 2023, d’fhoilsíomar doiciméad comhairliúcháin inar iarradh aighneachtaí go dtí an 19 Eanáir 2024 maidir leis an méid seo a leanas:
- dréacht-Chód Sábháilteachta ar Líne;
- dréachtábhair treorach reachtúla;
- cur i bhfeidhm beartaithe an Chóid Sábháilteachta ar Líne maidir le catagóir na seirbhísí ardáin comhroinnte físeán (‘VSPS’); agus
- bearta forlíontacha lena mbreithniú tuilleadh.
- Doiciméad comhairliúcháin (Béarla) (PDF)
Cuireadh síneadh leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ina dhiaidh sin go dtí an 31 Eanáir 2024.
Fuaireamar 1,398 aighneacht ar an gcomhairliúchán ó dhaoine den phobal, Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), eagraíochtaí sochaí sibhialta, comhlachais tionscail agus tionscail, rialtóirí idirnáisiúnta, agus lucht acadúil.
Comhairliúchán leis an gCoiste Comhairleach um an Óige maidir leis an dréacht-Chód
An 17 Eanáir 2024, chuamar i gcomhairle lenár gCoiste Comhairleach Óige (YAC) maidir leis an dréacht-Chód Sábháilteachta ar Líne, ábhair treorach reachtúla, cur i bhfeidhm an Chóid maidir le catagóir VSPS, agus mholamar bearta forlíontacha.
Aighneacht chuig an gCoimisiún Eorpach
Thug Coimisiún na Meán faoi phróiseas foirmiúil faoi Threoir (AE) 2015/1535 (‘Treoir TRIS’)
Faoi phróiseas Chóras Faisnéise na Rialachán Teicniúil (TRIS), ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi dhréachtrialacháin theicniúla a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise (lena n-áirítear VSPS), sular féidir na rialacháin sin a ghlacadh sa dlí náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach nó Ballstáit eile an Aontais barúlacha a thabhairt nó tuairimí a chur isteach.
Tugadh an próiseas TRIS i gcrích an 29 Lúnasa 2024. Ní bhfuarthas aon bharúlacha maidir leis an gCód Sábháilteachta ar Líne ón gCoimisiún Eorpach ná ó Bhallstáit eile an Aontais.