Ainmniúcháin & cuir i bhfeidhm an Chóid Sábháilteachta ar Líne
Cláraigh
An 16 Eanáir 2024, d’fhoilsíomar ár gclár reachtúil de sheirbhísí ábhartha ainmnithe ar líne. Rinneadh an clár a nuashonrú go deireanach an 19 Samhain 2024.
Creat Cinnidh maidir le Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán a Ainmniú
D’fhorbraíomar Creat Cinnidh chun soláthraithe seirbhísí ar líne a chur ar an eolas faoinár bpróiseas measúnaithe agus cinnteoireachta chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann seirbhís ainmnithe na critéir shainiúla maidir le “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” agus cé acu atá nó nach bhfuil soláthraí na seirbhíse sin faoi dhlínse na hÉireann.
Fógra maidir le Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán a Ainmniú mar Chatagóir Seirbhísí Ábhartha ar Líne
Déanann Coimisiún na Meán (an “Coimisiún”), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó le halt 139E agus le halt 139G den Acht Craolacháin, 2009 arna leasú (“an tAcht”), agus tar éis dul i gcomhairle leis na daoine a shonraítear in alt 139H den Acht, na seirbhísí ardáin comhroinnte físeán a bhfuil a soláthraí faoi dhlínse an Stáit a ainmniú leis seo mar chatagóir seirbhísí ábhartha ar líne a bhféadfar cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm maidir leo.
Dáta éifeachta
De bhun Alt 139H(3) den Acht, tiocfaidh an t-ainmniú sin i bhfeidhm ag deireadh na tréimhse 28 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin. Is é an 14 Lúnasa 2023 dáta foilsithe an Fhógra seo.
Is é an 11 Meán Fómhair 2023 dáta éifeachta an ainmniúcháin sin.
Fógra Ainmniúcháin maidir le Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán Ainmnithe
Tá na seirbhísí a liostaítear thíos ainmnithe ag Coimisiún na Meán (an “Coimisiún”), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó le hAlt 139E agus le hAlt 139G(2) den Acht Craolacháin, 2009 (an “tAcht”), agus tar éis dul i gcomhairle leis na soláthraithe seirbhíse de bhun alt 139H den Acht, mar sheirbhísí ábhartha ar líne ar féidir cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm maidir leo toisc gur seirbhísí ardáin comhroinnte físeán iad a bhfuil a soláthraí faoi dhlínse an Stáit.
Dáta Éifeachta
De bhun Alt 139H(3)(a) den Acht, tháinig an t-ainmniú sin i bhfeidhm nuair a thug an Coimisiún fógra do gach seirbhís maidir leis an ainmniú i scríbhinn. Tá na dátaí sin le feiceáil thíos.
- Facebook (PDF) — dáta éifeachta: an 22 Nollaig 2023
- Instagram (PDF) — dáta éifeachta: an 22 Nollaig 2023
- YouTube (PDF) — dáta éifeachta: an 22 Nollaig 2023
- Udemy (PDF) — dáta éifeachta: an 22 Nollaig 2023
- TikTok (PDF) – dáta éifeachta: an 22 Nollaig 2023
- LinkedIn (PDF) — dáta éifeachta: an 22 Nollaig 2023
- X (PDF) — dáta éifeachta: an 29 Nollaig 2023
- Pinterest (PDF) — dáta éifeachta: an 29 Nollaig 2023
- Tumblr (PDF) — dáta éifeachta: an 29 Nollaig 2023
- Reddit (PDF) — dáta éifeachta: an 29 Nollaig 2023
Cinntí chun an Cód Sábháilteachta ar Líne a chur i bhfeidhm
Fógra Cinnidh maidir leis an gCód a Chur i bhFeidhm ar an gCatagóir
Tá cinneadh déanta ag Coimisiún na Meán (an “Coimisiún”), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus na ndualgas a thugtar dó le halt 139L den Acht Craolacháin, 2009 (an “tAcht”), tar éis dul i gcomhairle leis na daoine a shonraítear in alt 139L(4)(b) agus (c) den Acht, agus tar éis aird a thabhairt ar na nithe atá leagtha amach in alt 139L(3) den Acht, an 17 Deireadh Fómhair 2024 an cód sábháilteachta ar líne a rinneadh an 10 Deireadh Fómhair 2024 agus ar a dtugtar an “Cód Sábháilteachta ar Líne” a chur i bhfeidhm maidir leis an gcatagóir seirbhísí ábhartha ar líne ar seirbhísí ardáin comhroinnte físeán iad a bhfuil a soláthraithe faoi dhlínse an Stáit (an “Catagóir”). De bhun Alt 139L(2)(b) den Acht, tiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm ag deireadh na tréimhse 28 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra faoin gcinneadh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Cinneann an Coimisiún freisin gurb é an 19 Samhain 2024 an sprioc-am atá ag soláthraithe a thagann faoin gCatagóir chun Cuid A den Chód Sábháilteachta ar Líne a chur i bhfeidhm. Cinneann an Coimisiún freisin gurb é an 21 Iúil 2025 an sprioc-am atá ag soláthraithe a thagann faoin gCatagóir chun Cuid B den Chód Sábháilteachta ar Líne a chur i bhfeidhm.
Léigh sonraí iomlána chinneadh an Choimisiúin an Cód Sábháilteachta ar Líne a chur i bhfeidhm maidir leis an gcatagóir seirbhísí ardáin comhroinnte físeán (Béarla PDF), a bhfuil a soláthraí faoin dhlínse an Stáit.