Comharthóirí iontaofa

Sainordaítear le hAirteagal 22 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha go ndéanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta is gá chun a chinntiú go dtabharfar tosaíocht do na fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa atá ag gníomhú laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, agus go ndéanfar iad a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

Chun go mbronnfar stádas mar Chomharthóir Iontaofa air nó uirthi, ní mór d’iarratasóir roinnt coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 a chomhlíonadh. Ní mór d’iarratasóir na nithe seo a leanas a léiriú:

  • tá saineolas agus inniúlacht ar leith aige nó aici chun ábhar mídhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;
  • tá sé nó sí neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne; agus,
  • tugann sé nó sí faoina gníomhaíochtaí/ghníomhaíochtaí chun fógraí a chur isteach go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.

Cur i bhfeidhm

Féadfaidh eintitis atá lonnaithe in Éirinn iarratas a dhéanamh chugainn go mbronnfar stádas an Chomharthóra Iontaofa orthu, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Ní féidir stádas an Chomharthóra Iontaofa a bhronnadh ar dhaoine aonair.

D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le comharthóirí iontaofa:

  • Eintitis phoiblí neamhrialála
  • Cónaidhmeanna tionscail agus comhlachais trádála
  • Eagraíochtaí neamhrialtasacha
  • Baill de líonraí seanbhunaithe seiceálaithe fíricí
  • Ceardchumainn
  • Comhlachtaí príobháideacha nó leathphoiblí
  • Líonraí

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar stádas an Chomharthóra Iontaofa nó má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig [email protected].