Rochtain ar Shonraí do Thaighdeoirí Grinnfhiosruithe

Le hAirteagal 40 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), déantar foráil maidir le rochtain a bheith ag taighdeoirí ar shonraí ó Ardáin an-mhór ar Líne (VLOPanna) nó ó Innill Chuardaigh an-mhór ar Líne (VLOSEnna) chun staidéar a dhéanamh ar riosca córasach san Aontas Eorpach agus chun measúnú a dhéanamh ar bhearta maolaithe.

Tá dhá bhealach ann inar féidir le taighdeoirí atá ag déanamh staidéar ar riosca córasach san Aontas Eorpach rochtain a fháil ar shonraí faoi Airteagal 40 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. 

  • Sonraí poiblí faoi Airteagal 40(12).  Is próiseas é seo inar féidir le taighdeoir a chomhlíonann na critéir ábhartha iarratas a dhéanamh ar rochtain ar shonraí go díreach ó VLOP/VLOSE, mar shampla, rochtain ar leabharlann ábhair nó API de phostálacha poiblí.
  • Sonraí neamhphoiblí, ar a dtugtar ‘rochtain ar shonraí do thaighdeoirí grinnfhiosraithe’, faoi Airteagal 40(4)-(11). Is próiseas é seo inar féidir le taighdeoir, a ndearna Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha grinnfhiosrúchán nó measúnú air gur chomhlíon sé na critéir mar a leagtar amach in Airteagal 40(8) den DSA, rochtain a iarraidh ar shonraí neamhphoiblí atá i seilbh VLOP/VLOSE. Ní mór na sonraí a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de agus ní mór a mheas go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach le cuspóir an taighde.

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar shonraí poiblí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Airteagal 40(12))?

Sula ndéanfaidh siad iarratas ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe, ní mór do thaighdeoirí a mheas ar dtús an bhféadfadh rochtain ar shonraí poiblí a bheith sásúil chun freastal ar a riachtanais taighde. 

Chun rochtain ar shonraí poiblí a iarraidh, ba cheart duit iarratas a dhéanamh go díreach leis an VLOP/VLOSE ar mian leat sonraí a fháil uaidh. Ba cheart faisnéis maidir le conas é sin a dhéanamh a bheith ar fáil ar shuíomh gréasáin an VLOP/VLOSE féin. Ní féidir linn iarraidh phoiblí ar rochtain ar shonraí, a bhaineann le hAirteagal 40 (12), a dhéanamh thar ceann taighdeora. Mar sin féin, má bhí deacrachtaí agat sonraí a fháil faoi Airteagal 40 (12), is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nIonad Teagmhála.

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar shonraí neamhphoiblí faoin DSA (Airteagal 40(4)-(11))?

Cad is taighdeoir grinnfhiosraithe ann?

Is taighdeoir é taighdeoir grinnfhiosraithe a dhéanann na nithe seo a leanas:

  • déanann sé nó sí iarratas ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC);
  • bronnann DSC stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe air nó uirthi go foirmiúil, tar éis dó nó di na critéir ábhartha a leagtar amach in Airteagal 40(8) a chomhlíonadh; agus
  • tugtar cead dó nó di rochtain a fháil ar na sonraí neamhphoiblí a d’iarr sé nó sí chun an taighde atá leagtha amach ina iarratas a chur i gcrích. 

Cad iad na riachtanais chun iarratas ar Rochtain ar Shonraí do Thaighdeoirí Grinnfhiosruithe a chur isteach?

Chun rochtain a fháil ar shonraí neamhphoiblí atá i seilbh VLOP/VLOSE, ní mór duit iarratas mionsonraithe a chur faoi bhráid Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a léiríonn go gcomhlíonann tú na critéir a leagtar amach in Airteagal 40(8) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Mar eolas duit, tá achoimre déanta againn ar na critéir seo thíos. Mar sin féin, féach ar na ceanglais mhionsonraithe a leagtar amach in Airteagal 40(8). Beidh ort an méid seo a leanas a léiriú:

  1. Tá tú comhcheangailte le heagraíocht taighde.
  2. Tá tú neamhspleách ar leasanna tráchtála na soláthraithe.
  3. Tá maoiniú an taighde nochtaithe agat.
  4. Is féidir leat na ceanglais shonracha maidir le slándáil sonraí, cosaint sonraí agus rúndacht a chomhlíonadh i gcás na sonraí a iarradh agus tá cur síos déanta agat ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí atá curtha i bhfeidhm acu.
  5. Tá do rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama a iarrtar riachtanach agus comhréireach le cuspóir do chuid taighde.
  6. Déanfar an taighde atá beartaithe chun cur le tuiscint ar riosca córasach nó chun measúnú a dhéanamh ar bhearta maolaithe riosca san Aontas Eorpach.
  7. Tá tú tiomanta do thorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an taighde a chur i gcrích.

Conas is féidir liom iarratas ar Rochtain ar Shonraí do Thaighdeoirí Grinnfhiosraithe a chur isteach?

Tá Coimisiún na Meán freagrach as stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe a bhronnadh agus as iarratas réasúnaithe a dhéanamh ar shonraí thar ceann taighdeora ghrinnfhiosraithe maidir le gach iarratas a dhéantar maidir le VLOPanna/VLOSEnna atá lonnaithe in Éirinn.

Tá DCSanna ag fanacht faoi láthair le foilsiú Gnímh Tharmligthe ón gCoimisiún Eorpach, a bhfuiltear ag súil leis in 2025. Cuirfear iarratais isteach trí Thairseach thiomnaithe an Choimisiúin Eorpaigh um Iarratas ar Rochtain ar Shonraí nuair a bheidh sé sin ar fáil.

Idir an dá linn, is féidir linn an treoir leathan seo a leanas a sholáthar: 

Is féidir le taighdeoir ar mian leis rochtain a fháil ar shonraí ó VLOP/VLOSE atá lonnaithe in Éirinn dhá bhealach fhéideartha a leanúint chun stádas Taighdeora Ghrinnfhiosraithe a bhaint amach:

  • Bealach 1: Féadfaidh taighdeoir a iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad comhcheangailte léi. Má éiríonn leis nó léi, cuirfear an measúnú tosaigh sin ar aghaidh chuig Coimisiún na Meán, chun measúnú deiridh a dhéanamh air.
  • Bealach 2: Is féidir le taighdeoir iarratas a dhéanamh go díreach chuig Coimisiún na Meán (DSC na lonnaíochta)

Mar gheall ar an líon ard iarratas a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh VLOPanna/VLOSEnna atá lonnaithe in Éirinn, a luaithe a achtófar an Gníomh Tarmligthe molaimid do thaighdeoirí atá lonnaithe san Aontas Eorpach Bealach 1 a leanúint mar a leagtar amach thuas. 

Conas is féidir liom ullmhú chun iarratas ar Rochtain ar Shonraí do Thaighdeoirí Grinnfhiosraithe a chur isteach?

Tá sé tábhachtach a thuiscint go ndéanfar measúnú ar d’iarratas mar iarratas ar rochtain ar shonraí agus mar sin beidh ort a thaispeáint go gcomhlíonann tú an RGCS (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) má iarrann tú aon sonraí pearsanta, chomh maith le haon reachtaíocht infheidhme eile. Faoin RGCS, tá Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) éigeantach i gcás ‘gur dócha go mbeidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar phróiseáil sonraí’. I gcásanna nach bhfuil sé soiléir cé acu atá nó nach bhfuil DPIA fíor-éigeantach, is dea-chleachtas fós é DPIA a dhéanamh agus is uirlis úsáideach é chun cabhrú le rialaitheoirí sonraí an dlí um chosaint sonraí a chomhlíonadh. Is féidir leat teacht ar threoirlínte ar an ábhar seo atá formhuinithe ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí. .

Molaimid d’iarratasóirí ionchasacha dul i gcomhairle le hOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a n-eagraíochta taighde sula n-ullmhóidh siad iarratas. Is féidir leat coinneáil cothrom le dáta le forbairt an Ghnímh Tharmligthe maidir le rochtain ar shonraí dá bhforáiltear sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha trí chliceáil ar an gcnaipe thíos.