Comhionannas, éagsúlacht & cuimsiú

Tá sé tábhachtach go léireoidh an méid a mbreathnaíonn daoine air, a n-éisteann siad leis agus a úsáideann siad éagsúlacht shochaí na hÉireann. Ar an gcaoi chéanna, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh ionaid oibre laistigh den earnáil éagsúil go cuí, inrochtana agus cuimsitheach.

Chun tacú leis seo, oibrímid le craoltóirí chun comhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn go leanúnach in earnáil meán na hÉireann. Déanaimid monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn agus cuirimid critéir inscne, chomhionannais, éagsúlachta agus chuimsithe san áireamh i ngach ceadúnas craolacháin amach anseo.

Tá go leor bainte amach chun cothromaíocht a chinntiú idir daoine, guthanna, scéalta agus eispéiris bheo ar ár scáileáin, ar na haerthonnta agus ag obair laistigh den earnáil. Mar sin féin, tá níos mó oibre le déanamh. Tá earnáil na meán atá éagsúil agus cuimsitheach ríthábhachtach dár sochaí, dár ndaonlathas agus dár bhforbairt chultúrtha. Tá sé ríthábhachtach go léiríonn ár meáin guthanna iomadúla agus éagsúla ár sochaí.

Straitéis

Tá straitéis maidir le hInscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú forbartha againn d’earnáil na meán. Is é an cuspóir atá aige tacú leis an earnáil chun réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh straitéiseach a phleanáil, a fhorbairt agus a sheachadadh de réir an dea-chleachtais, d’fhonn tírdhreach meán a chothú atá ionadaíoch agus inrochtana d’éagsúlacht shochaí na hÉireann. Táthar ag súil go dtabharfaidh craoltóirí teilifíse agus raidió aird chuí air seo agus go gcuirfidh siad moltaí na Straitéise i bhfeidhm. 

Príomhcholúin na Straitéise

Príomhcholúin na straitéise

Tá ceithre cholún idirghaolmhara ann, a bhfuil príomhphrionsabail, príomhuirlisí agus príomhghníomhaíochtaí ag gach ceann acu. Is iad sin:

  1. Ionad oibre/Cultúr
  2. Ionadaíocht/Ábhar
  3. Forbairt
  4. Rannpháirtíocht 

Baineann gníomhaíochtaí agus uirlisí an ionaid oibre/an chultúir go príomha le cleachtais oiliúna, earcaíochta agus dul chun cinn gairme, agus baineann gníomhaíochtaí agus uirlisí Ionadaíochta/Ábhair leis an ábhar a léirítear agus a chraoltar do lucht féachana/lucht éisteachta. Mar shampla, faoin gcolún seo, moltar do léiritheoirí úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí ‘Mná ar Aer’, ar uirlis ar líne í chun cabhrú le saineolaithe agus guthanna éagsúla a shainaithint agus rochtain a sholáthar orthu.

Oibreoidh an Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe seo chun tírdhreach meán níos cothroime a chinntiú. Is é an sprioc atá ann éagsúlacht agus iolracht guthanna a chur in iúl dár ndioscúrsa náisiúnta, deiseanna a chur chun cinn laistigh den earnáil agus ár sochaí a léiriú inár meáin. 

An Coiste Stiúrtha

Bunaíodh Coiste Stiúrtha chun cabhrú linn athbhreithniú a dhéanamh ar na príomhghníomhaíochtaí atá sa Straitéis maidir le hInscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú agus maoirseacht a dhéanamh ar an treoir a chuireann sé ar fáil d’earnáil na meán. Freastalóidh an Coiste Stiúrtha seo ar thrí chruinniú in aghaidh na bliana. Freastalóidh na baill freisin ar ár bhFóram Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe, ar cruinniú bliantúil é de pháirtithe leasmhara ar fud na hearnála chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus aird a tharraingt ar réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh oibre.

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste Stiúrtha sin:

  • Margaret Ward 
  • Teresa Hanratty 
  • Colman Farrell 
  • Leon Diop 
  • Eleanor McSherry 
  • Gareth Lee 
  • Emer O’ Neill 
  • Sinéad Crowley (Coimisiún na Meán) 
  • Gillian Kingston (Coimisiún na Meán) 
  • Edelle Moss (Coimisiún na Meán)

Maoiniú

Tá cothromas, éagsúlacht agus cuimsiú níos fearr a chinntiú ar fud thionscal na meán mar bhonn agus mar thaca ag ár gcuid oibre go léir. Trínár scéim mhaoinithe Fuaim & Fís, léirítear cláir nua don scáileán agus don raidió a chuireann éagsúlacht níos mó guthanna, scéalta agus peirspictíochtaí ar fáil. Cé go méadaíonn siad infhaighteacht agus infheictheacht ábhair Ghaeilge atá ábhartha ó thaobh cultúir de do lucht féachana/lucht éisteachta na hÉireann, tacaíonn na scéimeanna freisin le cruthaitheacht agus nuálaíocht a fheabhsú agus le hinbhuanaitheacht níos fearr laistigh de na hearnálacha craolacháin agus léiriúcháin neamhspleách.   

Tacaíonn maoiniú agus urraíocht Foghlama agus Forbartha Earnála le hoiliúint, imeachtaí, seimineáir agus comhdhálacha do thionscal na meán a reáchtáil agus rochtain a fháil orthu. 

Caighdeáin 

Moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán is ea ‘Caighdeáin Éagsúlachta’ a fhorbairt d’earnáil na meán in Éirinn. Táimid ag obair faoi láthair ar na caighdeáin sin a fhorbairt. Reáchtálfar comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus cuirfear bonn eolais faoin bpróiseas. Nuair a bheidh siad forbartha, tá sé beartaithe go mbeidh na Caighdeáin seo ina gcritéar do scéimeanna maoinithe sonraithe, amhail Fuaim & Fís. illeadh eolais faoi chomhionannas, éagsúlacht & cuimsiú laistigh dár n-eagraíocht.

Monatóireacht agus tuairisciú 

Táimid ag obair faoi láthair ar chur chuige a fhorbairt maidir le faisnéis inscne, comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe a bhaineann leis an ionad oibre a bhailiú agus a thuairisciú d’earnáil na meán. Is dócha go mbeidh sé seo i bhfoirm tuairisceán bliantúil ó chraoltóirí a mbeidh comhpháirteanna cainníochtúla agus cáilíochtúla araon acu.

Rialacha Rochtana

Leagtar amach sna Rialacha Rochtana na caighdeáin agus na hoibleagáidí a theastaíonn ó chraoltóirí teilifíse na hÉireann chun cur leis an tuiscint atá ag daoine atá bodhar, daoine a bhfuil allaíre orthu nó daoine a bhfuil lagú radhairc orthu ar an teilifís agus chun cur leis an taitneamh a bhaintear as an teilifís.

Foráiltear leis na Rialacha freisin do spriocanna nach mór do chraoltóirí a bhaint amach gach bliain maidir leis an gcéatadán dá gcláir nach mór (i) fotheidealú, (ii) Teanga Comharthaíochta na hÉireann, agus (iii) saoráidí tuairiscithe fuaime a bheith acu.

Tá cumhachtaí níos leithne againn anois maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht gearáin a fháil ó dhaoine den phobal, agus nuair is cuí, imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na Rialacha Rochtana agus smachtbhannaí a fhorchur. 

Tuilleadh Eolais

Faigh tuilleadh eolais faoi chomhionannas, éagsúlacht & cuimsiú laistigh dár n-eagraíocht .