Fuaim agus Fís

Is scéim mhaoinithe í Fuaim & Fís 4 do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha a mhaoiníonn léiriú clár ar ardchaighdeán faoi chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann agus cláir chun litearthacht aosach a fheabhsú.

Na babhtaí maoiniúcháin atá ann faoi láthair

Tá An Coimisiún ag cuir fáilte roimh iarratais ar bhabhta 56, babhta maoinithe “osailte”.

Cuirimid fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú ó chraoltóirí agus léiritheoirí neamspleácha chun tacú le léiriú ábhair chraolta ar ardchaighdeán, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge, a thaispeánann cultúr, oidhreacht, teanga agus éagsúlacht na hÉireann.

Conas iarratas a dhéanamh

Foilsítear Treoir d’Iarratasóirí le haghaidh gach babhta maoiniúcháin.

Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha teacht ar na Treoracha agus Foirmeacha ábhartha do Bhabhta 56 trí na naisc thíos. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie.

Doiciméadú Iarratais Teilifíse
Babhta 56 Treoir d’iarratasóirí teilifíse (PDF)
Babhta 56 foirm iarratais teilifíse

Doiciméadú Iarratais Raidió
Babhta 56 Treoir d’iarratasóirí raidió (PDF)
Babhta 56 foirm iarratais raidió

Babhtaí maoiniúcháin

Babhta maoiniúcháin #Téama/Formáid an BhabhtaDáta OscailteDáta DeiridhTáthar ag súil le Cinntí Maoiniúcháin
Babhta 56Babhta ‘Oscailte’Dé Máirt 8ú Aibreán 2025  Déardaoinn 29ú Bealtaine 2025 12 meánlaeDeireadh Lúnasa 2025  

Dunfar an babhta seo go pras ag 12 meán lae 29 Bealtaine 2025.

Reáchtálfaidh An Coimisiún seimineár ar líne d’iarratasóirí ionchasacha ag 11.00in ar an Aoine 11 Aibreán 2025. Cuimseoidh an seimineár ar líne láithreoireacht ón eagraíocht Litearthacht sna Meáin, Éire chun cabhrú le hullmhúcháin tograí faoi litearthacht sna meáin. Cláraigh chun freastal ar an seimineár ar líne d’iarratasóirí.

Cinntí maoinithe le déanaí

Léigh faoi thorthaí ár mbabhtaí maoiniúcháin is déanaí:

Measúnóirí seachtracha

Déanann foirne measúnóirí seachtracha measúnú ar na hiarratais, measúnóirí a roghnaítear bunaithe ar a dtaithí ábhartha agus ar théama nó formáid gach babhta.

Tionscadail a maoiníodh roimhe seo

Ó 2020 i leith, thacaigh an Scéim le léiriú níos mó ná 900 tionscadal. Féach ar roinnt dár n-ábhar a maoiníodh le déanaí thíos — is féidir leat cliceáil ar gach íomhá chun iad a shruthlú:

Tuilleadh eolais

Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected].