Taifid a choinneáil

Cóipeanna d’ábhar cláir a choinneáil

Ceanglaítear ar chraoltóirí agus ar sholáthraithe seirbhíse meán closamhairc ar éileamh cóip den ábhar cláir go léir a chraoltar nó a chuirtear ar fáil i gcatalóg a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh Coimisiún na Meán agus a fhoilseofar ar ár suíomh gréasáin de bhun alt 46P(3) de na hAchtanna um Rialáil Craolacháin agus Meán Eile, 2009 agus 2022.

Is é 90 lá an tréimhse choinneála reatha atá sonraithe againn i gconarthaí craolacháin.

Féadfaimid a cheangal ar chraoltóir nó ar sholáthraí seirbhíse meán aon bhunábhar cláir lena mbaineann an oibleagáid coinneála faoi alt 46P(2) a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe.

Beidh mainneachtain oibleagáidí maidir le bunábhar cláir a choinneáil ina ‘sárú’ a d’fhéadfadh forais a sholáthar dá réir le haghaidh smachtbhanna airgeadais riaracháin faoi Chuid 8B den Acht. Aon duine a mhainníonn ceanglas de chuid an Choimisiúin a chomhlíonadh maidir le cóip d’aon bhunábhar cláir a sholáthar gan leithscéal réasúnach, féadfaidh sé nó sí a bheith ciontach i gcion de chuid chatagóir 2.

Taifid ar ghearáin a choinneáil

Tá oibleagáid ar chraoltóirí agus ar sholáthraithe seirbhíse meán taifead a choinneáil ar ghearáin a dhéantar faoina gCód Cleachtais agus ar aon fhreagraí a thugtar ar ghearáin den sórt sin ar feadh tréimhse dhá bhliain ón dáta a fhaightear an gearán. Ní mór taifid ar ghearáin den sórt sin a chur ar fáil do Choimisiún na Meán ach iad a iarraidh.