Gach Nuacht

Den chéad uair riamh tá an Nuacht Ar Líne mar phríomhfhoinse nuachta don phobal in Éirinn seachas an Nuacht Teilifíse – Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024.

Foilsithe ar

16,06,2024

Méadú suntasach ar líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois atá ag íoc as ábhar nuachta ar líne.

Féachann níos mó daoine ná riamh ar an nuacht ar líne ná ar aon mheán eile, an teilifís san áireamh. Is é seo an chéad uair ina bhfuil níos mó éilimh ar an nuacht ar líne seachas ar nuacht na teilifíse in Éirinn dar le Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024.

Foilseoidh Coimisiún na Meán an tuairisc seo inniu, ina léirítear chomh maith, gur tháinig méadú ar líon na nÉireannach a dhíol as ábhar nuachta sa bhliain 2024.  Ba léir é seo go háirithe i gcás na ndaoine idir 18 agus 24 bliain agus tugadh le fios go raibh méadú de 7 phointe céatadáin (suas go dtí 26% ó 19%) tagtha ar líon an aoisghrúpa sin atá ag íoc as ábhar nuachta digití.

Tháinig fianaise chun solais sa staidéar freisin gur ábhar imní nach beag ceist na fíor- agus na bréag-nuachta ar líne, agus méadú de 7 bpointe céatadáin ar líon na ndaoine a léirigh an imní seo ón mbliain 2023 (71%).

Dar le Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán: “Ábhar dóchais an iontaoibh ghinearálta a thugtar le cúrsaí nuachta in Éirinn i gcomparáid le réigiúin idirnáisiúnta eile. Thuairiscigh 46% de na freagróirí go raibh nuacht iontaofa ar fáil den chuid ba mhó. Tá méadú leanúnach ag teacht ar an úsáid a bhaintear as foinsí nuachta ar líne agus cruthaíonn an méadú seo deiseanna agus dúshláin le haghaidh earnáil na meán in Éirinn. Faighimid bunachar sonraí fiúntach sa Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024i mbliana a bheidh mar chúnamh mór leis an gcur i bhfeidhm agus an struchtúrú a theastóidh chun go mbeidh rath ar an aistriú go dtí an nuacht ar líne.”

“Tacaíonn Coimisiún na Meán le hearnáil na hiriseoireachta in Éirinn i gcónaí. Chuireamar críoch le comhairliúcháin poiblí le déanaí ar dhá scéim iriseoireachta nua a thacaíonn le tuairisciú den chéad scoth, i nGaeilge agus i mBéarla, ar na húdaráis áitiúla agus ar éisteachtaí na gCúirteanna Cuarda agus Dúiche. Tá na scéimeanna seo, maille le beart maoinithe coimhdeach, le tosú an samhradh seo a bhuí le maoiniú as ciste de €6 mhilliún a fuarthas ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD.” 

Is í Institiúid Reuters um Léann na hIriseoireachta in Ollscoil Oxford a thugann faoi thaighde le haghaidh na Tuairisce ar an Nuacht Dhigiteach agus tá an tuairisc seo ar an staidéar comparáideach leanúnach is mó ar an úsáid a bhaintear as an nuacht ar fud an domhain. Tá sonraí na hÉireann mar chuid den mhórshuirbhé a rinneadh i 47 margaí i mbliana. Ba é Coimisiún na Meán a d’éascaigh rannpháirtíocht na hÉireann i mbliana, agus tá an Coimisiún freagrach as craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil in Éirinn. Is taighdeoirí ón Institiúid um Thodhchaí na Meán, an Daonlathas agus an tSochaí (FuJo) in DCU a dhéanann anailís ar shonraí na hÉireann.

Ar phríomhthorthaí na tuairisce i mbliana tá:

Spéis sa Nuacht: Cuireann muintir na hÉireann spéis sa nuacht i gcónaí. Dúirt 88% de na freagróirí go raibh ‘spéis an-mhór’, ‘spéis mhór’ nó ‘spéis éigin’ acu sa nuacht. Tá an ráta seo níos airde ná na rátaí sa Bhreatain (82%) agus i Meiriceá (84%) agus é níos airde an meánráta san Eoraip (85%) freisin.  As an dá ghrúpa a léirigh go raibh ‘spéis an-mhór’ nó ‘spéis mhór’ acu sa nuacht, díol suntais ab ea é, áfach, gur mhór an difríocht ar an ráta i measc aoisghrúpaí éagsúla: 30% an ráta dóibh siúd atá idir 18 agus 24 bliain agus 73% an ráta dóibh siúd atá 65 bliain d’aois nó os a chionn. Is mór na difríochtaí leis ó thaobh inscne de. Thuairiscigh 61% d’fhir go raibh ‘spéis an-mhór’ nó ‘spéis mhór’ acu sa nuacht agus thuairiscigh 46% de mhná go raibh ‘spéis an-mhór’ nó ‘spéis mhór’ acu sa nuacht. 

Muinín as an Nuacht: Tá ísliú tagtha ar an muinín a chuirtear sa nuacht, ach tá ardú ar na pointí céatadáin i gceist le haghaidh cuid de na heagraíochtaí nuachta chomh maith.  Tháinig méadú de 1 phointe céatadáin ar an muinín a cuireadh in RTÉ agus méadú de 2 phointe céatadáin in The Irish Times, rud a fhágann gurb iad seo an dá eagraíocht nuachta is intaofa.

Foinse na Nuachta: Tá 33% den phobal ag féachaint ar an nuacht ‘ar líne, gan na meáin shóisialta san áireamh’, figiúr atá níos airde ná 31% den phobal a fhéachann ar an teilifís ‘mar phríomhfhoinse nuachta’.

Ag Íoc as an Nuacht: Tá méadú ar na pointí céatadáin ó 15% go dtí 17% ar líon na nÉireannach a d’íoc as ábhar nuachta sa bhliain 2024. Níl an méid céanna síntiúsóirí anseo is mar atá i Meiriceá ach tá ráta na síntiúsóirí níos airde anseo ná an meán sa Bhreatain agus san Eoraip. Tháinig méadú suntasach de 7 phointe céatadáin ar líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliain atá ag íoc as ábhar nuachta digití.

Intleacht Shaorga (AI): Dúirt 44% de na freagróirí go raibh méid ‘mór’ nó ‘measartha’ léite nó cloiste acu faoi AI. Deir 41% eile go bhfuil ‘méid beag’ ar eolas acu faoi agus 10% eile a deir nach bhfuil ‘faic’ ar eolas acu. Níl 56% ar a suaimhneas go ndéanfaí nuacht a fhoilsiú ‘le AI den chuid is mó’ gan ach ‘maoirseacht dhaonna áirithe’ déanta uirthi.

Eolas brégach nó eolas míthreorach: Dúirt 38% de na freagróirí go raibh eolas bréagach nó eolas míthreorach feicthe acu le linn na seachtaine a chuaigh thart faoin gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín. Mhéadaigh seo go dtí 43% i measc daoine faoi bhun 35 bliain. B’amhlaidh a bhí le ceist na hinimirce ag 37% (38% i measc daoine níos sine ná 35 bliain).

Rinne an tOllamh Colleen Murrell ó Institiúid FuJo trácht ar an tuairisc leis agus dúirt: “Tá fás ag teacht ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis agus sa tuairisc seo cuirimid sraith ceisteanna d’fhonn eolas a fháil faoin deacracht atá ag daoine iontaoibh a thabhairt leis nuacht a léann siad ar líne. Déanaimid scagadh ar fhreagraí daoine ó thaobh aoise, inscne agus oideachais de chun léargas ceart a fháil ar na sonraí atá bailithe. Maidir le dúshláin ar líne, bíonn daoine óga ar a suaimhneas de ghnáth ach ábhar iontais is ea cumas na ndaoine níos sine agus iad ag dul i ngleic le foinsí eolais nua.”

Is féidir teacht ar An Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024 anseo. Tá grafaic faisnéise a léiríonn roinnt príomhthorthaí na tuarascála ar fáil le híoslódáil anseo.