Ceadúnú teilifíse

Seirbhís teilifíse náisiúnta neamhspleách

Cuirimid tús leis an bpróiseas ceadúnúcháin chun conradh seirbhíse clár teilifíse a bhronnadh chun tarchur seirbhíse náisiúnta teilifíse saor le craoladh a éascú. Tá dualgais reachtúla ar an tseirbhís seo maidir le hábhar cultúrtha, nuachta agus cúrsaí reatha a idirdhealaíonn í ó sheirbhísí teilifíse eile. Bronnadh an conradh seirbhíse clár teilifíse reatha ar Virgin Media Television Limited i mí Iúil 2023.

Conarthaí soláthair ábhair

Oibrímid próiseas ceadúnúcháin oscailte (imoibríoch) chun cláir a sholáthar mar chuid d’ilphléacs nó chun iad a tharchur mar sheirbhís craolacháin sa Stát, mar chuid den Stát nó in áit eile trí líonra cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear líonra satailíte, córas MMD, líonra talún seasta nó soghluaiste, líonra teilifíse cábla, líonra teilifíse prótacail idirlín, nó aon chineál eile líonra cumarsáide leictreonaí.

D’fhoilsíomar Treoir agus Foirm Iarratais d’iarratasóirí atá ag lorg conradh soláthair ábhair faoi alt 71 den Acht Craolacháin, 2009.

Ilphléacsanna Teilifíse Digiteacha Trastíre (DTT)

Tá freagracht orainn as ilphléacsanna a bhunú, a chothabháil agus a oibriú sa bhreis orthu siúd nach bhfuil á gcothabháil agus á n-oibriú ag RTÉ.

Tar éis próiseas ceadúnúcháin nár éirigh leis a cuireadh i gcrích in 2010, rinne Údarás Craolacháin na hÉireann a bhí ann roimhe seo athbhreithniú (PDF) (Béarla) in 2013 chun na hionchais do DTT tráchtála in Éirinn a mheas.

Fuarthas amach san athbhreithniú sin nach raibh dálaí an mhargaidh fabhrach do sheoladh seirbhíse den sórt sin.  Is féidir na hionchais do DTT agus do shamhlacha digiteacha eile a chur san áireamh agus beartais cheadúnúcháin Choimisiún na Meán á bhforbairt amach anseo chun tacú le seirbhísí craolacháin agus closamhairc ar éileamh atá inbhuanaithe, oscailte agus iolraíoch agus a gcuirfear tús leo lena athbhreithniú ar an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin in 2025.

Seirbhísí teilifíse pobail

Oibrímid an próiseas ceadúnúcháin do sheirbhísí teilifíse ábhair phobail.

Tá dhá sheirbhís ar an aer faoi láthair, DCTV i mBaile Átha Cliath agus CCTV i gCorcaigh.